Bailiúchán na Scol

Bailiúchán béaloidis é seo a chnuasaigh páistí scoile in Éirinn le linn na 1930idí. Breis eolais

Scag na torthaí

Torthaí

312 toradh
  1. An Mactíre Bán

    CBÉS 0330

    Leathanach 224

    sí do dtí tig, agus bhí seana cailleach agus a inghean isteagh ann, agus thugadar lóistín na h-oidhche dhi. Ó'n gcaint a bhí ag an mnaoí cheap an bhean go raibh cómhacht ag an gcailleach ar an mactíre bán agus go raibh sé ag obair i bhfeirm agus gach uair gur mhaith leis an mnaoí í d'iompóchadh sí na mactíre bán ann.
    Bhí an cailín ag fanamhaint tímpeall na h-áite agus an céad maidin a chuaidh an inghean amach do cuir an do chuir an cailín an cíor ann agus bhí folt breágh órdha uirthi. Do rith sí isteach go dtí a mháthair agus áthas mór uirthi.
    Dubhairt an máthair léi rith amach agus fiafhruighe (agus a fiafra) d'en cailín cad ar go ndíolfadh sí an cíor, dubhairt an cailín an mactíre bán d'fheiscint in aonar, do thugadh di é. Ach sar a chuaidh an cailín isteach do thug an cailleach deoch d'on mactíre bán agus ní féadfadh an cailín é a dhúiseacht.
    An tarna maidean do chuaidh an inghean amach arís agus bhí balcais cirt uirthi agus chuir an cailín an siosúr ionta agus bhí éadaighe breághtha uirthi. D'fhiafruig an máthair di cad ar go ndíolfadh sí an siosúr agus dubhairt sí an mactíre bán d'fheiscint in-aonar ach do thuit an rud céadna amach agus ní fhéadfadh sí é a dhuiseacht agus an tríomhadh maidin
  2. Scéal

    CBÉS 0328

    Leathanach 210

    Garsún a bhí in a chómhnuidhe in aice le Cathair Saidhbhín, An Rábaire Bán a bhí mar leasainm air. Bhí sé go maith cun cleasa lúth ach ní dhéanfhadh sé aon obair sa bhaile. Tháinig cailín óg, Neans De Faoite, ar an mbaile. Cailín ana dhathamhail ab eadh í. Thuit sí féin agus an Rábaire Bán i ngrádh le chéile, ach níor mhaith le na mhuinntir go bpósfhadh sí an Rábaire. B'fheárr leó san dá bpósfadh sí Brian De Bharra, ach b'fheárr le Neans féin an Rábaire ná Brian, agus i gcanfhios dá muíntir d'imthig sí agus phós sí an Rábaire. 'Na dhiaidh sin d'imthig an Rabaire go dtí an bhfairrge agus is é do shábháil athair Neans a bhí ag bádhadh. Nuair a tháinig an Rábaire abhaile bhí muinntear Neans sásta go leór leis.
  3. An Gearrán Bán

    CBÉS 1055

    Leathanach 213

    An Gearrán Bán
    Bhí baintreabhach ann aon uair amháin agus bhí triúr ingneach aici. Bhí siad uilig ina suidhe ag sníomh lá amháin, nuair a thainic an Gearrán Bán thart agus chuaidh sé a ithe turnapaí. Chuaidh an ingean a ba sine amach agus bhuail sí le maide an phota é.
    Ghreamuigh maide an phota do’n Ghearrán Bhán agus ghreamuigh an cailín do mhaide an phóta. D’imthigh an Gearrán Bán leis go dtainic sé fhad le teach an fháthaigh. Thainic fáthach mór amach agus thug sé isteach an cailín.
    “Anois” arsa seisean, “ta dha sheomra dheag ins an teach seo” agus shin sé trí eochair dhéag chuicí.
    “Glan thusa” arsa seisean, “an dhá sheomra dhéag sin, ach ar do bhás na gaibh síos ‘un an tseomra sin thíos no ma chuireann tú do chos síos ann bainfidh mise an ceann duit tráthnóna.”
    D’imthigh an fáthach leis agus chuaidh an cailín a ghlanadh an toighe.
    Nuair a bhí an dá sheomra dhéag
  4. Scéal an Ghearráin Bháin

    CBÉS 1094

    Leathanach 007

    Bhí bean ann aon uair amháin agus bhí trí n-ingeanach(?) aici. Bhí sí bocht agus ní rabh dadaidh aici le bhéith beo ar acht gairdín cáil ghil. Bhí gardín maith cáil ghil aici an bhliadhain seo agus oidhche amháin thainig sean-ghearran bán thart agus chuaidh sé isteach ins an ghairdín.
    Chuaidh an cead n-inghean amach agus an maide briste léithe agus bhuail sí an gearran bán agus ghreamuigh an maide briste ins an ghearran agus ar siubhal leis agus an cailín in a dhiaidh. Ins an deireadh thuit an cailín isteach i gcaislean.
    Thainig an gearran bán isteach in a fhear uasal agus d'iarr uirthí an tae a dhéanamh. Rinne sí an tae agus chuaidh siad a luighe. Ar maidín d'iarr an fear uirthí an bhó a bhlighe no go rabh seisean ag imteacht. Dubhairt sé léithe gan dul isteach ins an t-seomra seo(?).
    Bhlighe sise an bhó agus d'iarr an cat mór ruadh bainne uirthí acht ní bhfuair an cat bainne ar bith agus annsin chuaidh an cailín isteach sa t-seomra agus bhí mná istoigh ann. Bhuail an fear le slat draoidheachta í agus chuir a codhladh í.
    Chuaigh an gearran bán arais(?) go dtí an gairdín agus thainig an dara ingean leis an mhaidhe pota in a dhiaidh le íoc a bhaint as acht d'éirigh duithe mar d'éirigh do'n cead n-ingean agus cuireadh a codhladh í le taoibh an cead n-ingean.
  5. Scéal - Micín an Gabha

    CBÉS 0092H

    Leathanach 02_023

    "Glas, ban is buaidh a bhéid sé.
    Taréis tamaill tháinic athair an chailín agus dubhairt sé leí auirgead a chur air "Glas, bán, is buidhe, mar bhí aithne maith aige uirthe. Rinne an cáilín amhlaidh agus fuair an capaill sin an buaidh.
    Fuair an cailín sin tuaim is dhá mhíle púnt. Thugadar annsin go dtí an teach é agus d'fan sé ann ós cionn seachtmhain.
    Sa deire thuig an cailín í ngrádh leis. Dubhair sé go phósadh sí é dá bhfuigheadh sé cat dubh mar bhí uathí
  6. Toradh na Foidhne

    CBÉS 0329

    Leathanach 023

    Bean a bhí ann is bhí aon leanbh amháin aici. Tháinig a deirbhsúir chúiche lá is nuair bhí sí ag imteacht abhaile chuaidh an bhean amach á tionnlacan is d'fhág sí an leanb fé chúnamh an cailín aimsire na diaidh. Bhí an cailín aimsire ag deunamh seóláil[?] agus i gcionn tamaill bhuail chúiche isteach fear mór dubh a gheall sparán airgid don cailín ach an leanbh a seoláil. Scóláil an cailín aimsire an leanbh is chuir sí an sparán óir fé bhéul báisín.
    Nuair a bhí an fear imtighthe is an leanbh scóláithe chuaidh an cailín aimsire ag áireamh an airgid sa sparán ach ní raibh ann ach licíní slinne. Nuair tháinig an bhean isteach d'innis an cailín di cad a bhí deunta aici D'imthig an bhean is thug sí léi cnámha an leanbh is d'fhíll sí suas in éadach bán iad is chuir sí i gcoiméad iad. Nuair a tháinig an fear isteach d'fhiafhruig an cailín cá raibh an leanbh agus dúbhairt sí gur rug a deirbhshuir léi é. Ní raibh an leanbh ag teacht in aonchor is fé deire dúbhairt an fear leis an mnaoí imtheacht is an páiste a thabhairt léi. Nuair bhí an fear imtighthe a chodladh d'imthigh an bhean is thug léi cnámha an leinbh is d'fhíll sí suas in éadach bán iad is chuir ar an mbórd iad. D'fhan sí féin
  7. An Mactíre Bán

    CBÉS 0330

    Leathanach 221

    Bhí duine uasal ann. Bhí triúr inghean aige. Fuair sé cuireadh lá dul go pósadh é féin agus a bhean. Do geibhadar go dtí an pósadh agus ba maith an maithe d'es na cailíní í, mar beadh ana oidhche aca féin sa bhaile.
    Do bhí seómra sa tig agus ní leigtí d'es na cailíní dul isteach in aon-chor ann agus d'airig an cailín críonna go raibh geasa ar cathaoir a bhí ann. Bhí sí ag cuardach cun go bhfuair sí an eocair agus d'oscail sí an seómra agus chuadar isteach agus shuidh an cailín críonna sa cathaoir agus d'iarr sí ar Dhia agus ar an gcathaoir lord éigin do teacht chun í do phósadh, do dhein an tarna cailín an rud céadna agus nuair a airig an driofúirín óg iad á iarraidh ar Dia d'fhiafraigh godtiocfadh an mac-tíre bán chun í féin do thógaint.
    Tháinig na beirt tighearnaí agus thógadar a mná féinig agus nuair a bhíodar imthighthe, tháinig an mac-tíre agus dúbhairt sé leis a mnaoí teacht cuige, dúbhairt na cailíní aimsire ná leogfaidís sí imteacht agus dúbhairt an mactíre bán go gcuirfeadh sé an tig síos tríd an dtalamh muna leogfaidís amach é, b'éigin di imtheacht agus bhí tig buartha brónach ag na cailíní aimsire as san amach.
  8. An Buachaill Bán

    CBÉS 0331

    Leathanach 287

    féin in aoin-fheacht leis. Nuair a bhíodar ar an slíghe tháinig duine éigin amach as an bpálás agus dubhairt sé go dtabharfadh sé mórán airgid den buacaill sin dá leighisfeadh sé an inghean.
    Dubhairt an rí leis ansin gurb é féin an rí agus bhí árd- áthas ar an bhfear nuair a airig sé é sin agus do thug é bídh cúcha agus do chuaidh an buachaill bán isteach go dtí an seómra ina raibh an cailín breoidhte agus pé rud a dhein sé léi do leighis sé í agus bhí árd-áthas ar an rí.
    Do phós an buachaill bán an cailín agus do deineadh rí agus banríoghan díobh agus do fuaradar leath an ríoghachta agus do maireadar go séimh suaimhneasach as san amach.
  9. Life Sketch of An Cailín Bán

    CBÉS 0600

    Leathanach 019

    Her maiden name was Eily (or Ellen) Hanly but she is sometimes erroneously called Eily OConnor owing no doubt to the fact that she was reared by her maternal Uncles the OConnors. She was born at Ballychanane in the vicinity of Croom, County Limerick in the year 1801 or 1802. Her parents were poor. Her father Michael Hanly was a labourer. When she was a few years old her father died and her father re-married a woman whose maiden name was Flannery. An Cailín Bán was taken then to the home of her maternal Uncles (OConnors) who were shoemakers and lived in a little house not far away from that in which Cailín Bán lived up to then. Soon after his second marriage her father left Ballycahane and went to live with his wife who owned a small farm on the slope of Mount Knockinerna (Hill of the Truth) near Ballingarry (This Hill is mentioned in Gerald Griffin's poem " Adare"). She was an extremely beautiful girl and was much admired for her personal charm by all who knew her. She was called "The Peasant Queen" by the people of the district. She walked like a Queen.
    When she was about 17 years of age and while still residing with both her Uncles she was seen one day by a young Naval Officer who was then at home on a holiday. His name was Captain John Scanlan whose parents
  10. Life Sketch of An Cailín Bán

    CBÉS 0600

    Leathanach 025

    Cailín Bán could not be produced there could be no charge made against anybody. All kinds of rumours were current in the district and every one suspected that Scanlan had "done away" with An Cailín Bán No one, however, dare accuse him openly as he and his people occupied an influential position in the district and in the absence of any positive proof the accuser would be severely punished by by Scanlan and his family.
    Some two months later the nude body of a female was found on the opposite shore to Carrigafoyle on the Clare side. The place is called [?] which is about two miles from this school and in this parish of Killimer. Her remains were found by two fishermen on the shore. They gave it a temporary burial and reported the matter immediately to the Kilrush police. From the nude condition of the body it is certain that the inhuman murderer "Shampy" stripped the ill-fated woman of her clothes (which was already stated were now worn by Shampy's sister). an inquest was held on the body to which Mrs Ellen Walsh and many other witnesses were summoned from Glin. Mrs. Walsh told the Coroner and jury all she knew about the night of the 134th July 1819. She also without difficultly identified the remains as those of Mrs. Ellen Scanlan (formerly Ellen Hanly and known locally as An Caillín Bán). She swore she saw Mary Sullivan - Shampy's sister wearing the clothes -
  11. Life Sketch of An Cailín Bán

    CBÉS 0600

    Leathanach 023

    Early next morning Mrs Walsh and her companions departed by road for Glin (a distance of some 6 or 7 miles) leaving An Cailín with her husband and "Shampy" in the public-house in Carrigafoyle. These people afterwards came forward and gave material evidence at the time of the murderers. On some pretext or other Shampy induced An Cailín to come out in the boat with him for a row on the Shannon near Carrigafoyle. This was a course only a plan to drown her. Sullivan however - scoundrel that he was - failed to do the foul deed this time and returned to the shore where he met Scanlan who roundly scolded him for not accomplishing his purpose. Shampy gave Scanlan the excuse "that when he looked at her innocent face he hadn't the heart to drown her." He was then given more drink by Scanlan and again ordered to take her out in the boat on a new pretext. Shampy committed the awful crime this time and returned to the shore without An Cailín Bán.
    Some days afterwards Mrs Walsh mentioned before saw Shampy's sister wearing the ring which she saw on the finger of An Cailín Bán and which he (shampy) tried to force from her that night in the public-house at Carrigafoyle. She also saw Sullivan's sister wearing some articles of apparel such as a silk handkerchief a grey mantle and a skirt which (woman like) Mrs
  12. Cailín na nGéach

    CBÉS 1064

    Leathanach 512

    Bhí an cailín istigh agus dóigh mhaith uirri, agus bhí Mháire bhocht amuigh ag siubhal thart agus bhí eagla uirri innse ar an chailín. D'iarr an cailín (ná Máire mar saoileadh) ar an rígh obair shalach a thabhairt do'n chailín aimsire a bhí leithe. Bhí iongantas mór ar an rígh fá seo ach níor maith leis an cailín a dhíultuighadh. Dubhairt an rí nach raibh obair ar bith aige dithe ach í chur amach a chuideadh leis an fear a bhí ag tabhairt aire do na geacha. Dubhairt an cailín go ndeanfadh sin gnoithe agus cuireadh Máire a choimead géach.
    Ar maidín lá thar na bharach chuir an cailín ceist ar mhac an ríogh an ndeanfadh sé gnoithe beag dithe agus dubhairt sé go ndeanfadh. D'iarr sí air tabhairt ar fhear an stábla an Gearrán Bán a mharbhadh go raibh sé i bpian. Ní raibh sé i bpian ach bhí eagla uirri go n-innseóchadh sé uirri.
    Marbhadh an gearrán bán agus bhí
  13. Scéal

    CBÉS 0089

    Leathanach 341

    Bhí fear ann fadá. Seán an t-ainm a bhí air. Lá amháin chuaidh sé go dtí an choill ag leagad crann. Nuair a bhí sé ag teacht abháile chonnaic sé cailín deas agus í gleásta in édaighe bán. D'Fheafruigh sé den fhear cén fáth go raibh sé amuigh chomh mall sin agus dubhairt an fear go raibh sé sa gcoll ag obair agus go raibh sé ag déanamh Fortúin beagh as an obhair sin.
  14. Sligo and Its Surroundings

    CBÉS 0161

    Leathanach 264

    There is not a town in Ireland that has all along its twelve miles of road such magnificent and varied scenery as the town of Sligo. There are some beautiful and historic scenes consisting of mountain and lake, cliffs and valleys, rock and woodland. This road takes us through historic as well as scenic country. It is the country of O'Rourke of Breffni. On the edge of the lake stands the ruins of O'Rourke's castle. On the northern side is Colga lake which is also a very nice lake. Then we see O'Rourkes table land where the glens. One of them gave Thomas Moore the inspiration to write his poem "The valley lay smiling before me" ?
    Then on our way we meet Tubberngealt and it deserves an essay itself where the priests used to say mass in the penal days, when the priest and the wolf were on the same list. The is a trout in this well, but it is only visible to the pious who have done due penance. Travelling south the main road to the midlands through what may be called the western "gap of the north" we come to a small down called Ballisodare. Farther on is the country on Willie Reilly and his cailín bán. Here is the old residence of Squire Folliard which is now called Hollybrook Hotel. It lies on the shores of Lough Arrow. In the garden Willie Reilly courted his cailín bán . On this road we have the Ballisodare flour mills and the Collooney woollen mills. Farther on are the Curlew mountains of many a battle, one in particular the "Battle of the
  15. Local Landlords

    CBÉS 0236

    Leathanach 162

    him, and he was put out of the country. When the Colonel died Willie Reilly came back and was married to his daughter. This story is entitled "Willie Reilly and his 'cailín bán'"
  16. Scéal - Bacach a Mála

    CBÉS 0468

    Leathanach 294

    an bacadh isteach d'fhiafruig sé do beanaitighe cá raibh an mhuc. Dubairt sé gur tháinig capall isteach agus gur bhris sé cos na muice. "Is liom an capall arsa an bacach. "Ní leat" arsa an bhean. Do chuadar i láthair na cúirte agus bé an socrú a deineadh ná an capall a scaoileadh leis an mbacach. D'imtig sé leis go tigbhaile (?) agus ceangal sé an capall agus dubhairt sé le bean a tie aire a thubairt do go dtiocfadh sé isteach. Nuair d'imtig sé tháinig cailín isteach agus do scaoil sí an capall amach an dorus. Nuair tháinig an bacac isteach d'fiafruigh sé cá raibh an capall. Dubhairt an bhean leis cad de thuit amach. "Is liom an cailín" ar seisean. "Ní leat" arsa an bean acht do caitheadh an cailín a scaoileadh leis an bacach. Dubhairt an bhean go gcuirfeadh sí an cailín isteach i mála. Bhí madhra bán ag an mnaoi agus do chuir sí isteach sa mhála in ionad an cailín é. Do thug sé an mála don mbacach agus do bhuail sé thias ar a dhrom é.
    D'imtig sé leis go dtánaig sé go mullach cnuic agus d'oscail sé an mála go gcaithfeadh sé an cailín anuas leis an gcnoc. Nuair d'oscail sé an mála do léim an madhrad amach agus súid leis abhaile.
    Do bhí gach aon luig ag an mbacac ar an madhra bán, acht do faghadh é gan
  17. The Old Graveyards

    CBÉS 0629

    Leathanach 415

    The Old Graveyards
    There are two graveyards in my parish namely. Molougha and Burrane. All of these are in use. Either of them is not round in shape, but they are square in shape. There is the ruin of an old church in both graveyards. These church yards are level and there are no trees growing in them.
    There are many old tombs, crosses and monuments in both graveyards. The graveyard in the townland of Burrane contains an old tomb in which the "Cailín Bán" and Peter O'Connell are buried. The "Cailín Bán" was drowned in the River Shannon and came to shore in Killimer and on that account she was buried in Burrane graveyard. Molougha graveyard is now very old and is nearly full of graves. The crosses, tombs and monuments are beautifully ornamental with flowers.
    In these graveyards there are crosses made of timber. These crosses are over the graves of little children. There are people buried within the ruin of the old
  18. The Curse on Cappoquin

    CBÉS 0637

    Leathanach 156

    This night he was playing the Cailín Bán. they used to fling stones at him. The night he was leaving, he came out to give his Papal Blessing to Cappoquin. "The only thing I ask of Almighty God is to be a warder in hell and God help the Cappoquin man I'll catch there. He need not expect mercy from me".
  19. Scéal - Na Triúr Iníonacha

    CBÉS 1049

    Leathanach 457

    d'imthigh sí léithe. Tháinig sí fhad le sean-chapall bán a bhí ar téad agus arsa seisean leí "athruigh mé, athruigh mé nó níor athruigheadh mé le seacht mbliadhna" ach níor thug an cailín faic áird air. Tháinig si go dtí claidhe agus arsa an claidhe " Caith cloch suas orm agus tóg ceann anuas dom mar ní dhearnadh sin liom le seacht mbliadhna" ach dubhairt an cailín " tá deifir orm", agus d'imthigh léithe. 'Shuidh sí annsin agus rinne a sgithiste ag bun crainn.
    Mhuscail an chailleach idir an dá am agus chroithnigh sí an cailín ar shiubhal - thug sí léithe an t-slat draoidheachta agus lean í. Tháinig sí godtí an reithe agus arsa sise " an bhfaca tu cailín ar bith ag dul thart annsin ar ball le mo wig wag, le mo rig rag, le mo dha mhála óir agus airgid " agus arsan'n reithe " chuaidh sí thart annsin ar ball"
    Tháinig sí annsin godtí'n sean-chapall bán agus chuir sí an cheist chéadhna air agus fuair sí an freagra céadhna, d'imthigh sí léithe annsin agus tháinig sí godtí an claidhe agus chuir an cheist chéadhna air agus fuair sí an freagra céadhna, d'imthigh sí léithe annsin agus tháinig sí godtí an claidhe agus chuir an cheist chéadhna air. Dubhairt an claidhe " chuaidh sí thart annsin ar ball" agus d'imthigh an chailleach nó go dtáinig go bun an chrainn. Chas an cailín duithe annsin agus bhuail an chailleach buille de shlat na draoidheachta uirthi agus rinne cnap salann duithe. Annsin chuaidh an chailleach abhaile arais le na cuid saidhbhris.
  20. Mada Bán na nOcht gCos

    CBÉS 0062

    Leathanach 0170

    ar an doras agus sí an cailín aimsire a cuireadh amach chuige Dubht sé narbh shin í a bhean agus faoi dheireadh b'éigean a bhean féin do chur amach chuige, agus d'imtigh siad leó.
    An tríomhadh lá tháinic Mada Bán na hOcht gCos agus bhuail sé ar an doras. Cuireadh an t-sean-chailleach amach chuige acht dubht. seisean nárbh shin í an bbhean a bhí sé 'iarraidh. Annsin cuireadh an cailín aimsire amach agus dubht sé narbh' shin í an bhean acht an oiread. Acht faoi dheire b'éigeann inghin a b'óige a chur amach chuige agus d'imthigh siad leó.
    Sé'n sórt duine a bhí i Mac R. an D. Thoir, bhíodh sé 'n fhear sa ló agus na phréachán san oidhche agus sé'n sórt duine a bhí i mac R. an D. Thiar bhíodh sé 'n fhear sa ló agus na phréachánn san oidhche freisin; agus sé an draoidheacht a bhí ar Mhada B. h-8 gCos bhíodh sé 'na mhada bán sa ló agus in[a] fhear san oidhche.
    Faoi cheann sgathaimh chuir an Ríog fios ar a triúr chiamhan go mbeadh 's aige cé'n sórt fir a bhí ag na h-inghineacha. Tháinic siad. An oidhche seo d'fhan an Rí 'na shuidhe go bhfeiceadh cé'n sórt fir iad. Chuaidh sé ag an seomra a raibh inghin is sine ann agus ní raibh ann ach préachánn ar an bpeiliúr le n-a taobh. Chuaidh sé chuig an seómra a raibh an dara h-inghin ann agus ní fhaca sé ann ach préachán mar an gcéad cheann. Chuaidh sé annsin go dtí an seomra a raibh an inghin a b'óige ann agus chonnaic sé fear breagh dathamhail sa leabaidh. Bhí an Ríog an t-sásta leis an bhfear a bhí ag an inghin a