School: An Chathair Gharbh (roll number 13896)

Location:
An Chathair Gharbh, Co. Chorcaí
Teacher:
Criostóir Ó Dubhghaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0277, Page 348

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0277, Page 348

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Chathair Gharbh
  2. XML Page 348
  3. XML “Lios in Cahergarriffs”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Lios in Cahergarriffs

    Tá sgeul eile ag baint leis an áit seo, se sin,

    Ta sgeul eile ag baint leis an áit seo, se sin.
    Deirtear linn gur mar seo a deinead an abha atá ag rith go dthí Dún Baoi ó Cilleac an Aonach.
    Fadó, nuair a bhí na daoine curtha ann san roilg, an oidhche sin do tagadh píast mor ón bfhairrge in aice Dun Baoi agus d'itheadh se an cuirp. Ó beith ag dul ann gach oidhche beagnach do dhein sé rían mor ar an dthalamh agus do tháinig an uisge ann annsan. Sé sin an abha atá ann anois.
    Oidhche amháin tar éis bean an bheallac do cur do tháinig an peist agus seo mar do thárla
    "Do mhairbh bheallaig an peist agus do thuit se féin marb leis".
    Tá lios i gCatar Garbh i bpáirc in aice crois agus deirtear linn go bfuil an lios go h-ana fairsing agus go bfuil ór le fághail ann. Uair amháin do dhéin fear éigin íarract ar é dfághail agus d'éag sé an oidhche sin.
    Do bhí alán tighthe i n aice tig Seamus MacCárthaig agus ta pasáiste ag dul úatha síos go dthí an bhóthar.
    Fado do bhíodh na mnáibh sídhe ag dul o áit go h-áit i ngac fuirm. Do tainig duine acu i bfuirm éan agus do cuaidh buacall beag 'na dhiaidh agus bhí an éan ag léimrig agus do cuaidh an buacal amúgha
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    2. áit-spás-timpeallacht
      1. áiteanna osnádúrtha agus spioradálta (~158)
        1. ráthanna (~5,616)
    Language
    Irish