School: Achadh Tiobraid (roll number 9878)

Location:
Achadh Tiobraid, Co. Chiarraí
Teacher:
Tomás Ó Muircheartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0477, Page 073

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0477, Page 073

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Achadh Tiobraid
  2. XML Page 073
  3. XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scamaill: Má tagann scamaill ar an ngréin, bíonn droch aimsire ag teacht, acht má bhíonn aimsear breágh cugainn, bíonn an spéir go breágh glan.
    A grian: má théigeann an grian síos tráthnóna déanach dearg, bíonn aimsear breágh cugainn i gcionn tamaill. Ss geimhreadh má théigheann sí sin síos dearg bfhéidir go bhfaighfomm sioch. Nuair a bíonn an aimsear cun briseadh tagann scamaill ar an ngréin agus ní móide go bhfeicfeá inaoncor í, le gálaí agus le báistig.
    An gealach: má éirigheann sí go breágh glan, sin cómhartha maith. Má bhíonn scamaill uirthi agus iad ag rith i gcoinnibh ar buille sin cómhartha droch aimsire, agus gálaí. Má éirigheann sí agus a táir ináirde, sin droch ré agus droch aimsire a gheobhair as. Nuair a bhíonn a leath caithte (béal ceathrú a tugtar ar sin) bfhéidir go bhfaighfeá an cuid eile aici go breágh annsan. Nuair a bhíonn aimsear breágh againn cidhfir go breágh glan í ins an spéir breágh glan.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. seánra
      1. seanchas aimsire (~6,442)
    Language
    Irish