Scoil: Cathair Samháin
- Suíomh:
- Cathair Samháin, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire E. Bean Uí Sheaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)gcómhnaidhe in aice an tobair san agus lá amháin do bhí bean ag cur prátaí ar an dteine agus do cuir sí uisge as an dtobar san ar na prátaí. Do bhíodar ar an dteine ar feadh an lae. Do bhí sí ag cur cipíní fútha gus bhí iongnadh uirthi cad na thaobh ná rabhadar ag beirbiúghadh. Ach do bhí ana ghlór á dhéanamh ag an uisge. Do thóg sí an corcán aníos agus do chaith sí an t-uisge isteach i mbuicéid agus chuir sí uisge ón dtobar eile ortha agus ní rabhadar nomat ag beirbiúghadh.
Do chaith sí an t-uisge do cuir ar ais airís. Tá tobar eile in aice le Tráighlí agus Tobar na Molt an t-ainm atá air. Deirtear nuair a baisteadh Naomh Breandán gur rith trí mullacháin amach as an dtobar. Deireann daoíne eile gur i n-aimsear na bpéin-dlighthe nuair a bhí na Caitlicí á rádh an t-Aifrinn a ritheadar as. On t-am sin go dtí an lá indiu tá an ainm an Tobar na Molt air agus tá trí sceacha ag fás ann.Gobnait Ní Shéaghdha
Doirenéadain
Máistir Gaoithe- Bailitheoir
- Gobnait Ní Shéaghdha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire an Éadain, Co. Chiarraí