School: Baile Uí Dhuibhne
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Sheáin bás, agus atair 's máthair a chéile, chómh maith. Bhí ana bhrón ar Sheán annsan, is thug sé suas an fheirm mhór a bhí 'ge de'n bhuachaill 's de'n cailín aimsire a bhí 'na sheirbhís, agus a bhí chun a chéile a phósadh, agus ghread sé leis amach ag an áit, 's chuaidh sé a triall ar a dhriofúr go Nuadh Eabhrach arís,
Do bhí sí annsan roimis.
"Arú a Sheáin," ar sise, "cá rabhais riamh ó shoin,"?
"Bhíos, arsa Seán, chómh fada ó theas is dob'fhéidir, dom dul, is feirm mhór talmhan agam ann."
"b'fheárr liom bheith ag baile anois"
ar seisean, "mar tá mo dhóthain airgid agam." "Is féidir leat," ar sise.
Tháinig sé abhaile go Port Mag Aoidh annsan, 's cheannuig sé feirm mhór eile talmhan a bhí ar cheainnt annsan. Phós sé arís, agus bhí móir-sheisear mac agus triúr ingean aige; is mhaireadar go sásta sa dúthaig sin riamh ó shoin.
Bhí an draoidheacht imighthe uatha.
Pádruig D'Mórdha - D'eachtruig.
Do Pheig Ní Dheada. 146l- Collector
- Peig Ní Dheada
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Informant
- Pádruig O' Mórdha
- Gender
- Male