School: Cill Mhic an Domhnaigh, An Daingean (roll number 11146)

Location:
Cill Mhic an Domhnaigh, Co. Chiarraí
Teacher:
Tomás Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0423, Page 592

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0423, Page 592

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Mhic an Domhnaigh, An Daingean
  2. XML Page 592
  3. XML “Lucht Siúil”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    aca na bfearaibh agus cuid aca na mná agus bfeidir duine aca bacach. Bhíodh cuid aca cráidhthe ag an saogal agus bfuirist fearg a chur ortha san. Bhí fear amháin ann darbh ainm do "Seán an Mála Mhóir." Nuair a chíodh na mná agus na pástaí ag teacht chun a dtíghe é bhíodh scannradh ortha roimis, ach dá mbeadh fear istig ní bheadh aon eagla ortha. Nuair a bhíodh sé i n-am codaltha coirígeadh bean an tíg leabadh tuíge sa chúinne dhóibh agus codluighdís go sámh ínnte go fhainne an laé. Bhíodh mórán rudaí beaga á dhíol aca agus annsan bhailígidís déirc taréis iad a bheith díolata aca.
    Seo chuid dos na daoíne a thagadh fadó:- Seán an Mála Mhóir. Is amlaidh abhíodh mála mór tiar air, agus é lán de clocha agus de gac sagas aidnse eile, agus ní teasteocfadh uaidh go mbeadh fhios ag éinne ca a beadh ann. Bhí sé ait, agus dá brígh sin, nuair a tagad na buacaillí isteach, bhídis ag priocadh air agus ní taitnígheadh san leis. Oidhche amháin nuair a thánaigeadar isteac dubairt duine aca:- "Tá dhá hata air. Ansann thánaig rabarta feirge air, agus rug sé an spré teine, agus mukna mbead go raibh an doras curtha do age an mbuachaill bhí an spré facta aige. Duine eile a thagadh go minic ag iarraidh déirce dob ead "Cristí na nGadar." Bhí ceithre cínn de cuidhthe aige, agus théígheadh sé ag fiadach gach lá agus ní hí an cú ceudna a bhíódh aige gach lá. Fear ana-macánta do bheadh é agus bhiodh gach duine buidheach do go mór-mór bean a' tighe. Duine eile a tagadh dob eadh "Tomhá na mBuataisí Móra." Bhí cosa tinne aige agus caitead sé bróga móra do chaiteamh, act do bhídís san féin ag luíge air. Thugadh sé an lá d'iarraidh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhairí (~1)
      1. daoine de réir aicme
        1. an lucht taistil (~3,023)
    Language
    Irish