School: Seanafarachán (roll number 12646)

Location:
Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Seán Mac An Ríogh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 132

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 132

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Seanafarachán
  2. XML Page 132
  3. XML “Pislín agus Straoillín”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    tuige a ndearna sí a leitheid de chleas “Nár dhubhairt tú liom an cabáiste a leasadh” ar sise. Níor dhubhairt seisean a thuille mar bhí fhios aige gur óinseach a bhí innte agus mar an gcéadna thuig sé an sean fhocal “Níl aon mhaith sa gcasaoid nuair bhíos an anachain déanta”.
    Bhí go maith. Lá eile a bhíodar beirt ag dul ar thuras eigín eile agus d'imthigh an fear ar dtús. Dubhairt sé léithe -se an teine do chuir amach, nó as, ag imtheacht dí agus an doras a tarraingt in a diaidh freisin.
    Níor thuig sí na sgéalta seo acht an oiread le chuile rud? Nuair a bhí a fear tamall imthighthe thóg sí an teine in a áprún, agus nuair a bhí sí ag dul an doras amach thóg sí an comhla dhá hinnsí agus thóg léithe ar a druim í. Bhí sí dhá tharraing in a diaidh go dtáinig sí suas len' a fear, tar éis bheith ag siubhal tamall maith dhi. Chuala an fear an torann agus ní raibh fhios aige céard a bhí ann - shíl sé gur trucall nó rud éigin a bhí ann.
    Nuair a tháinig sí i ngar dhó agus nuair a chonnaic sé gurab í a bhean a bhí ann, níor leig sé ar fhéin tada mar go raibh fhios aige cén sórt duine a bhí innte. Shiubhaladar le chéile go raibh an oidhche ag druidim i ngar dhóibh agus chuadhar suas ar bhárr crainn leis an oidhche a chuir thartu. Shuidheadar ar an doras ar bhárr crainn.
    Nuair a bhíodar tamaill annsin cualadar torann agus gáire, spóirt agus cómhaireamh airgid ag bun an chrainn agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1386: Meat as Food for Cabbage
    AT1653: The Robbers under the Tree
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Seóighe
    Gender
    Female
    Address
    Tamhnaigh an Lín, Co. na Gaillimhe
    Informant
    Pádraig Seóige
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    c. 50
    Address
    Tamhnaigh an Lín, Co. na Gaillimhe