Scoil: Leitirmealláin

Suíomh:
Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Éamonn Ó Gógáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 403

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 403

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitirmealláin
  2. XML Leathanach 403
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhí an bó tugtha leo ag na sióga agus bhíodh sé ag aireachas i gconaí ar an mbó. Lá amháin chonaic sé an bó ag teacht chuid an laoigh sa ngarraidhe. Tháinig sé féin agus fear eile agus shíleadar breith ar an mbó. Chuir duine acu trí chorr de draoibeal na bó ar a láimhe agus shíl sé í a chóineáil ach de theip air. Tharraing an bhó chuig an mbruighín é. Bhí cuid de na sióga ag iarraidh é a chuir ag ithe agus an chuid eile ag rá leis gan a dhul.
    Ansin duradar leis an fear, “Tagann sluaigh sí Cúige Chonnacht agus sluaigh sí Cúige Mumhan le chéile gach oíche Shamhna ag troid lena chéile”, agus dúirt duine acu “beidh fuil ar smuit agus mailidhe gearrtha”. Maidin moch a bhí ann agus bhí an tráigh agus na slata mara daite le fuil. Oíche amháin bhí a bhean ag sníomh agus tháinig beirt bhan isteach ag sníomh in aoinfheacht léithe. Chuaigh sí amach ag iarriadh uisce le tae a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighréad Breathnach
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Laigidh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    96
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe