School: Eoghanacht (roll number 12342)

Location:
Eoghanacht, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Mícheál Ó Flannagáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0002, Page 015

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0002, Page 015

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Eoghanacht
  2. XML Page 015
  3. XML “Scoileanna a Bhí ann Fadó”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    na cruinneáil se ar dtús acht bhíod aimhreas ag na daoinibh go raibh sé ag deanamh spiadóireacht ortha agus bhíodar le na chnagadh acht fuair sé eólas air agus d’éaluigh sé san oidhche i mbád as Connamara. Ní bhíod dhó sin de thuarastal acht scilling sa ráithe ó gach gasúr, agus bhíod sé dhá bheathú ins na tigthibh thart sa gcomharsanacht. Badh ghearr tar éis imtheacht do Scannláin gur rinneadh an Scoil Náisiúnta seo thiar in Eóghanacht.
    Chloisinn m'athair a' rádh go mbíod scoil i gCreigicéirín le linn a óige féin sin timcheall chúig bhliadhain is cheithre fichead ó shoin. Múinnteóir d'arbh ainm Hatton a bhí ag múineadh ann. Sé an chaoi a rinneadh an teach le h-aghaidh scoile. Cupla pighinn sa tseachtmhain a bhíod na gasúir ag íoc leis sin agus chloisinn ag m'athair go mbadh togha múinnteóra a bhí ann. Bhíod leabhra go leór ag an máighistir, go h-áithrid leabhar amháin díob "An Spelling Book". Bhí cuimhne mhaith ag m'athair air agus bhíod sé i ndon liosta mór focla a rádh as agus iad a litriú.
    (Seáinín Tam Ó Direáin. Sruthán, Árainn. (66), feilméar agus iascaire a rugadh agus a tógadh sa Sruthán a thug an t-eolas seo thuas uaidh. Máire Ní Dhioráin 16 bl. a scríobh síos é.)
    Cailleadh athair Sheáinín Tam Ó Direáin timcheall 16 bliadhna ó shoin in aois a 86.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. foirgnimh
          1. scoileanna (~4,094)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Dhioráin
    Gender
    Female
    Age
    16
    Informant
    Seánín Taim Ó Direáin
    Gender
    Male
    Age
    66
    Occupations
    Feirmeoir
    Iascaire
    Address
    Sruthán, Co. na Gaillimhe