School: Eanach (C ) (roll number 8958)

Location:
An tEanach, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Nóra Ní Dhíomasaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0009

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0009

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Eanach (C )
  2. XML Page 0009
  3. XML “Tobar Phádraig”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tuairim dhá mhíle taobh thíar ón sgoil tá sraid-bhaile ar a thugtar Mullán. I lár na háite seo, i bpairc mhóir, ar le Mícheál de Róiste tá tobar fior uisge. Níl an páirc le feiceál on mbothar, mar is trid na pairceanna thrialleann na daoine chuige ar chasán bheag. Deirtear 7 creadtear gur tobar beannuighthe é. Le blianta, bliadhanta i gcuimhne an duine is sine san áit, bionn turas chuig an tobar sin i Mí an Iúil. Sluaighte mhóra, daoine a bhíos ann ag guidhe. Bionn an aistear ar siubhal ar feadh tri seachtmhaine. Chuile Domhnach, san tri seachtmhaine i nDeireadh an Iúil.
    Tá dhá chloic ann, a theasbaineanns na daoine duit, an áit a raibh blúin Pádraic, 7 an ait ar chuimil sé a cheann. T a cumha na nglúin 7 a chinn 'sna clocaib sin. Ar a bhealach go Cruach Phádraig a bhi an Naomh, nuari do shrois sé an áit 7 d'fhan sé ann. Se an creadeamhaint atá ag na daoine san gceanntar mar is ó áiteacha i bhfad is i ngearr a thagan síad. Leigheas súil is cinn atá le fághail ann.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
    2. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. naoimh
          1. Pádraig (~489)
    3. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
    Language
    Irish
    Collector
    Treas Ní Mhurcada
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    An Ballán, Co. na Gaillimhe