School: Gleann Sál (roll number 12627)

Location:
Gleann Sál, Co. Mhaigh Eo
Teacher:
P. Ó Ceithearnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0153, Page 260

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0153, Page 260

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gleann Sál
  2. XML Page 260
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Uair amháin bhí fear agus bean in a gcomhnaidhe i dteach beag leóbhta féin agus bhíodar an-bhocht.

    Úair amháin bhí fear agus bean in a gcomhnaidhe i dteach beag leóbhtha féin agus bhíodar an bhocht. Lá amháin tháinigh bean agus páisde isteach acú agus cé a bheadh ann acht an Mhaighdean Mhuire agus Íosa Críost. An lá a tháinigh siad isteach ní raibh greim lé nithe sa teach acú. Dubhairt an Mhaighdean Mhuire go raibh an ochras uirrí agus dubhairt an bhean léite nach raibh greim lé nithe sa teach acú ach go raibh ceatramha gabhair dá nimirt i dteach comharsan agus dubhairt sí dá gnotóchad a fear an ceatramha gabhair go mbeadh béilí breág acú. Dimtigh an fear go dtí an teach agus núair a tháinigh sé abhaile bhí an ceatramha leis. Thugh sé don bhean é agus dubhairt sé léite béilí maith a dhéanamh de mar nach raibh tada eile lé nithe acú. Dubhairt an Mhaighdean Mhuire leis an bean go mbheadh gráinne min choirce go h-an deas lé haghaidh anbhruith a dheanamh agus dubhairt an bhean nach raibh gráinne amháin sa teach "mar an úair deiridh a bhí mé ag deanamh anbhruith sgríobh mé tón an chófra agus níor fhágh mé gráinne ann". Téirigh súas adubhairt an Mhaighdean Mhuire agus sgríobh airíst é agus feach a ngeobhfá gráinne beag bídeach. Núair
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0330A: The Smith and the Devil (Death)
    Language
    Irish