School: An Tor
- Location:
- An Tor, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Seán Mac Monagail
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tor
- XML Page 39
- XML “Seán Amaideach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)An tríomhadh lá a bhí sé ag obar fuair sé cat agus chuir sé suas ar a cheann é. Sgríob agus stróc an cat é, agus bhí an fhuil na rith le na súilibh. Sin an rud a d'iarr mó mhathair orm a dheánamh ar seisean.
Nuair a tháinig sé 'un a bhaile, bhí sé uilig stróca ag an chat. Dubhairt a mháthair gur ceart dó córda a chur ar an cat agus é a tarraingt na dhiaidh. Dubhairt Séan go ndeánfadh sé sin an dara h-uair.
An dara lá bhí sé ag obar, fuar sé giota mór feóla. Chuir sé córda ar an fheoil agus tharraing sé na dhiaidh é.
Nuair a thainic sé 'un a bhaile, d'innis sé do na mhathair go rabh feóil leis chuicí. Bhí luthgháir ar a mhathair mar bhfada a roimhe ó d'ith sí feól. Ach bhí an fheoil comh salach sin gurb éigean dí a chaitheadh ó siubhail. Dubhairt a mhathair leis gur cheart dó an fheoil a chur ar i druim. Dubhairt seisean go ndeánfadh sé sin an dara h-uair.
An dara lá a bhí sé ag obar fuair sé asal agus chuir sé ar a dhruim í. Seo an rud a d'iarr mo mhathair orm a dheanamh arsa seisean.
Bhí sé ag gabhail ag Paláis an ríogh. Bhí n-inghean ag an Ríogh, agus bhí bodhar ó rugadh í. Bhí sí le biseach fhághail nuair a bhainfeadh duine ar bith gáire aistí. Bhí sí ag amharc amach ar an fhuinneóg nuair a chonnaic sí Seán agus an asal ar a dhruim leis. Thoisigh sí i gháiridhe. Fuar sí biseach nuair i(continues on next page)