School: Loch an Iubhair (roll number 16829)
- Location:
- Loch an Iúir, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Pádraig Mac Giolla Bhrighde
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sí an rabh a dearbhrathair beo. Nuair a shroich sí an báile sé an chead cheist a cuireadh uirthí no nach rabh Eochaidh léite. “Ó” mar bfuil sé innseo arsa sise tá a chosa nighthe ag innse caidé mar tharluigh agus caide a dubhairt an baoghallach. Dar leis na Connachtaigh go mbéadh “cuitheamh an chearbaigh” aca-san agus ghleus da chloigeann deúg de fhearaibh laidir ortha agus d’imthí siad fhéin agus bean an bhaoghallaigh ag déanadh ar theach an Bhaoghallaigh san t-sliabh. Ghlac sé trí lá iad ag teacht acht tháinig siad ro-ghasta ar an droch uair de’n bhaogallach. Nuair a shroich siad an teach thug siad leo an baoghallach fhad le binn agus chuir siad ropa cnáibh thart fa na mhuinnéal agus chroch siad amach leis an bhinn é agus on lá sin amach baisdeadh. Croith-Uí Bhaoighill ar an áit sin agus tá lorg an ropa le feicheal san bhinn ag dúine ar bith nach gcreideann an sgéal mar mian leis a theacht.
- Collector
- Pádraic Ua Rabhartaigh
- Gender
- Male
- Informant
- Maighread Ní Cnáimhsighe
- Gender
- Female
- Age
- 70
- Occupation
- Pinsinéir
- Address
- Mín Doire na Slua, Co. Dhún na nGall