School: Teileann

Location:
Teileann, Co. Dhún na nGall
Teacher:
Leon Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 179

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 179

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Teileann
  2. XML Page 179
  3. XML “Scéal fán Diabhal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    dadaidh a dhéanadh ach iad a ghabháíl fhad leis an t-sagart. Chuaidh siad fhad leis a' t-sagart
    annsin agus d'fiafruigh seisean daobhtha caidé bhí ag cur bhuadhartha ortha. D'innis siadsan
    sin dó. D'fiafruigh an sagart daobtha annsin a' rabh siad ag an mhinistear. Dubhairt siadsan
    go rabh ach nach dtiocfadh leis dadaidh a dhéanadh dóibh. "Bhal, rachaidh mise libh," arsa an sagart, "go bhfeicidh mé an dtig lion dadaidh a dhéanadh díbh."
    D'imigh an triúr annsin ag tarraingt ar an teach. Ach nuair a thainig siad ar amharc an toighe bhí an teach uilig n-a bhladhaire teineadh.
    "Tchím," arsa an sagart, " tá sé annsin." Chuaidh siad ar aghaidh giota go rabh siad ag an teach agus ní rabh bladhaire ar bith le feiceáíl
    aca annsin. Nuair a chuaidh siad isteach bhí an (buachaill)
    marcach i n-a shuidhe ag an tabla i gcomhnaidhe. D'iarr an sagart ar fhear a'toighe na doirse
    agus na fuinneogaí a fhoscladh. Chuaidh an sagart a léigheadh annsin agus tharraing sé fáinne
    cruinn i lár an urláir agus d'iarr sé ar an diabhal a ghabhail isteach ann. Rinne an diabhal sin. Bhí an sagart ag léigheadh tamall beag.
    eile annsin agus sa deireadh d'imigh an diabhal i n-a chnap teineadh amach ar na doirse agus ar
    na fuinneógaí. Bhaist an sagart an t-athair agus an ingheann
    annsin agus pósadh an inghean ar fear Gaeldhealach
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Mac Seaghain
    Gender
    Male
    Age
    60
    Occupation
    Iascaire
    Address
    An Cheapach, Co. Dhún na nGall
    Informant
    Tomás Mac Seaghain
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    94