School: Learga na Saorthach (roll number 14888)
- Location:
- Learga na Saorthach, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Cathal Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Learga na Saorthach
- XML Page 3
- XML “An Fear Amaideach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An Fear Amaideach.
Bhí fear amaideach ann aon uair amhain agus da dteigheadh sé un aonaigh nó in ait ar bith de'n t seort d'iomcharochadh sé a cuid bróg leis d'a sparáil. Nuair a bheadh sé fa ghiota de'n áit chuirfeadh sé air iad agus bhainfeadh sé de iad nuair a bheadh sé ag gabhail abaile arais. Am amháin fuair sé péire úr agus ní mó nó go gcuireadh sé air iad ar chor ar bith. Lá amáin bhí sé ag gabhail un aonaigh agus bhí sé ag iomchar leis iad mar ba ghnathach. Bhí sé ag siubhal leis go gasta nuair leis sin bhuail sé a ladhar mhor in éadan cloiche agus baineadh liomog mhór de. "Nach é Dia bhí liom nach raibh mo chuid bróg orm nó bheadh siad millte agam." arsa seisean Bhí a ladhar chomh nimhneach nach raibh an duine bocht ábalta bróg a chur air ó sin amach acht níorbh rud nuadh ar bith do beith costarnocht- Collector
- Brighid Ní Domhnaill
- Gender
- Female
- Address
- Cróibh, Co. Dhún na nGall
- Informant
- Padraig Ó Chanainn
- Gender
- Male
- Address
- Cróibh, Co. Dhún na nGall