School: Christian Bros., Manor St. Cathair Phortláirge (roll number 16735)
- Location:
- Port Láirge, Co. Phort Láirge
- Teacher: Seán Ó Dálaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Do pósadh Mícheál Ó Dálaigh agus do mhair é féin agus a bhean a bfhochair a chéile go ceann fice blian.”
Do pósadh Mícheál Ó Dálaig agus do mhair é féin agus a bhean ibhfocair a chéile go ceann fice blian. In deire an ama sin seoladh cucha beirt mach agus nuair d'airigh Seán Ó Muirgheasa a'sgéal déin sé dán don mhac ba shine. Is mithid domhsa labhairt chun teastas díobh a thabhairt
Ar adhbhar a'gaisgidh seo tá fonn glégeal
Chuir an Tighearna chugainn mar chabhair
Ag sinne rot[?] go fann (roimhe)
Ag Sasanaigh gach am dá n éileamh
Níl quacaire ins an domhan, ná Iudach leath an ceann
Ná leacfadh i n gabhail a chéile
Thabharfadh sé Eire dhúinn, gan cíos, gan srath, gan taxcsisí
Nuair a thiocfaidh chugainn an cabhair Ó Mic Meaghann anall
Agus baileothaidh dream na h-Éireann
Sgriosfaidh sé chun siubhal gach duine ná fuil umhal
Chun seasamh i mbrath cumhartha an Aon Mhic.
'S beidh Liutar is a bhuidhean go tréith lig
Is aoibhinn a dhream go bhfuil aoigh des na gceann
Tá cíora de phlanndaí Liutar
Tá an Seeker sa chrann, sínte go bhfann
'S an Preisbitéaraigh sa drom gan chomhra.
Tá an Swadléir go dubach go treascaire fé smúit
Is níl súil aige le músgail coidhche
Mar thá Cionnáth ceann na nGaedheal, A mhúsgail [?] féin don saoghal
Ag é plannda sa bhféith Ó Dála.Seekers:-B'sin dream a bhí ann fadó agus bíodh siad a gabháilt timcheall ag árdú na gcloch mar cheap siad go bfuighidís Dia fé na clocha san. Ní bhfuigheann a rádh cérbh é an Dia a bhíodh acu ámh.- Informant
- Seán Ó Muirgheasa
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Gleann Seasc Beag, Co. Phort Láirge