School: Eachléim (roll number 12373)
- Location:
- An Eachléim, Co. Mhaigh Eo
- Teacher: Máire Ní Chróinín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)go síorraidhe ag breathnú in a ndiaidh le eagla roimh an tóir fá deireadh thiar thall chonnaic siad ag teacht í in a rith agus dubhairt an inghean leis a lámh a chur i gcluais an bheithidhigh agus an cipín a bhí i gcluais an eich a chaitheamh in a dhiaidh. Rinne sé amhlaidh agus ba ghearr gur fhás coill mhór idir iadsan agus sise.
B'éigin di pilleadh abhaile arís go bhfuigheadh sí tuagh le bealach a gearradh tríd an gcoill agus ba ghearr go raibh sí saor arís.
Nuair a bhí sí in gár dóibh arís dubhairt sise leis a lámh a chur i gcluais an eich agus braon álluis a bhaint aisti agus é a chaitheamh in a dhiaidh arís. Rinne sé amhlaidh agus d'árduigh loch mór idir iad féin agus an t-sean-bhean agus béigin di pilleadh an dara h-uair go bhfuigheadh sí bád le dul treasna na locha. Ar deireadh thainic siad go dtí teach a athar agus dar ndóigh bhí failte mhór roimhe. Ach nuair a thainic sise go dtí an loch arís chuaidh sí isteach ins an mbád agus báitheadh í ag dul treasna di.(continues on next page)- Informant
- Peadar Ó Maolfhabhaill
- Gender
- Male
- Age
- 56
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Mullach Rua, Co. Mhaigh Eo