Bailiúchán na Scol

Bailiúchán béaloidis é seo a chnuasaigh páistí scoile in Éirinn le linn na 1930idí. Breis eolais

Scag na torthaí

Torthaí

39 toradh
  1. Comharthaí na hAimsire

    CBÉS 0475

    Leathanach 025

    Fuaireas é seo ó Seán Ó Síothcháin, Inse na Tuinne, Maistir-Gaoithe
  2. (gan teideal)

    San mbliadhain 1825 a bhí an bruighean déidheannach aca i Máighistir Gaoithe agus ní dubhrathas aon Aifreann istig sa séipéal an Domhnach san...

    CBÉS 0474

    Leathanach 221

    ná Diarmuid Ó Séaghdha Acad a Ghabha a cailleadh 1890.
    11.
    Tamaill roimis sin thárla troid eile i Máistir Gaoithe ar an gcnocán roimh Aifreann Dé Domhnaigh leis. Tháinig an Sagart an tAthair Mac Cárthaig agus fuair sé amach gur fear áirighthe de Mhuinntir Shúilleabháin (Casúraigh) thosnuig an troid i gcoinnibh muinntir Shéaghdha. Fuair an sagart greim ar bhata agus thug failp don Súilleabhánach mar gheall ar troid a thosnú. Bhuail an Súilleabhánach ar ais é adeir Naomh Pól. Tugtaí Sagart an bhata ar an tAthair Mhac Cárthaig na dhiaid san. D’fhág Mac Uí Shúilleabháin Máistir Gaoithe agus bhain sé amach síbín a bhí thiar sa mBréacaig ag Peaidí Dhiarmuid Uí Shúilleabháin. Loirg sé gloine fuiscí. Bhí cailín aimsire Máire ní hAodha sa tsíbín agus thug amach crúsca mór fuiscí go dtí an seomra ‘na raibh sé agus chuaidh sí annsan ar lorg miosúr gloine agus faid a bhí sí imthighthe rop an leaid an crúsca ar a cheann agus d’ól sé blast mór de agus slán mar a n’innstear é do dhíthigh sé é. Cailleadh é. Tamall ‘na dhiaidh san bhí dhearbhráthair an fhir a cailleadh ag ráiseanna sa phriaireacht agus ghabh toirmisc éigin do ann agus cailleadh é. Chuaidh an tAthair Mac Cárthaigh (Sagart an bhata) fé dhéin na sochraide agus níor ghaibh sé in aon iomchur capall iallaide ná faic eile ó fhág an sochraid an Phriaireacht go dtí gur ráinig an sochraid sin gáirdín Peats Casey thiar annson ach é ag siubhal roimis amach ag léigheamh leabhair úrnaighthe agus ag paidreóireacht.
  3. (gan teideal)

    B'é an gnó a bhaintí as na pónaí fadó, ….

    CBÉS 0476

    Leathanach 256

    ......ná go gcoimeádadh an sirream beithidhigh istig ionnta go dtí go ndíoladh muinntir na mbeithidheach an cíos leis. Bíodh fir ag féachaint ndiaidh na bpónaí agus caitheadh fear na mbeithidheach iad san do dhíol leis sula bhfaghadh sé a chuid beithidheach thar nais. Bhí póna i gCortha i bparóiste na Faille Móire in Átha Turbid i bparóiste Chathair Saidhbhín agus i Máistir Gaoithe i bparóiste na Dromaide
  4. Cistí Óir i bhFolach

    CBÉS 0475

    Leathanach 002

    shoin ar an ór dfágail cé go ndeireann na daoine sa cheanntar go bhfuil sé curtha ann. Ach is dócha go bhfhanaidh an t-ór ann go deó.
    Mícheál Ó Séaghdha
    Cillín-Liath
    Maistir-Gaoithe
    Cill Áirne
    Fuaireas an sceul seo ó Dómhnall Ó Séaghdha
    Cillín-Liath
    Maistir-Gaoithe
    Cill-Áirne
  5. An Gorta

    CBÉS 0475

    Leathanach 039

    a máthair marbh go dtubharadh sé féin a phágh cómh maith dó dá bhfanad sé sa bhaile. Na laetheanta roimhe sin cúaiddh fear isteach go tigh cois an teampall. Bhí cailín timceall ceithre blíadan déag d'aois le na cois. Ó Baile an Dograig dob ead iad agus ní fheacadar béile bíd le trí lá roimhe sin. Thug muintir an tíghe dinnéir maith dóibh acc bhí an fear chómh imthighte sin gur cuir an béile mór chun báis é. Thug scíobart an bothair cead dos na fir dul agus congnamh do thabhairt cun é cur. Dfhan an cailín sa tigh gur deineadh amach a muintir agus gur tógadh leo abhaile í. Is mó duine a fúair bás i gcaitheamh na h-aimsire gorta.
    Mícheál De Faoit
    Gurrán-na-fulla
    Maistir-gaoithe
    Cill Áirne
    Fúaireas é seo ó:
    Seán Ó Clúbháin
    Gurránafulla
    Maistir-gaoithe
    Cill Áirne
  6. Seanfhocail

    CBÉS 0475

    Leathanach 071

    id’ dhiaidh. Deirtear gur fearr Aifreann do rádh do dhuine sar a caillfí é ná tar éis a bháis.
    Áine Ní Shéaghdha
    Cillín-liath
    Maistir-gaoithe
    Cill-Airne
    Fuaireas na sean fhocail so o
    Muiris O Conaill
    Cillín-liath
    Maistir-gaoithe,
    Cill-Áirne
  7. Stair na hÁite

    CBÉS 0475

    Leathanach 083

    seo shiar go dtí an Currán chun árus na póilíní do thógaint. Tadhg Ó Séaghdah a b’ainm do’n fear a bhí i gceannas ortha. Nuair a bhíodar tímcheall míle ó’n gCurrán d’iompuigh duine dos na fir thar n-ais cun rith uatha. Bhí an fear a bhí i gceannus ortha cun é lámhach ach do thóg duine eile a gunna uaidh. Dubhairt duine eigin leo annsan go raibh eólas an scéal ag na póilíní. Do scaipeadar. Chuaidh Tadhg Ó Séaghdha go dtí an Astráil ach tháinig sé a baile sar a caileadh é.
    Áine Ní Shéaghdha
    Cillín-liath
    Maistir-gaoithe
    Cill-Áirne
    Fuaireas é seo ó - Dómhnall Ó Séaghdha
    Cillín-liath
    Maistir-gaoithe
    Cill-Áirne
  8. Liosanna

    CBÉS 0475

    Leathanach 101

    tháinig eagla ortha agus thángadar amach.
    Seán Ó h-Aodha
    Dubhrath
    Maistir-gaoithe
    Cill-Áirne
    Fuaireas é seo ó.
    Tadhg Ó Muirceartaig
    Dubhrath
    Maistir-Gaoithe
    Cill-Áirne.
  9. Filí an Bhaile

    CBÉS 0475

    Leathanach 069

    Is ag ordúghadh gach aoinne cun suidhe.
    D’fhan Mártan sa bhearna da h-aodhracht
    Á cráidh is a cheusa ag síon
    Sé dubhairt sé gur náireach an sceul dóibh
    An lá thabhairt ar fraég sa Snaidhm.
    Áine Ní Shéaghdah
    Cillín-líath
    Maistir-gaoithe
    Cill-Áirne
    Fuaireas é seo -
    Dómhnall Ó Séaghdha
    Cillín-Liath
    Maistir-Gaoithe,
    Cill-Airne
  10. Na Ceirdeanna a Bhíodh acu Fadó

    CBÉS 0474

    Leathanach 364

    mná é do théighidís o thigh go tig ag sníomh an lín agus do bhídís ag sníomh go dtí an dá úair-deagh nó uaireanta go dtí glaodh an choiligh. Do bhíodh triúr nó ceathrar ag sníomh le na chéile agus do bhídís ag cainnt le na chéile chun an oidhche a chaitheamh. Núair a bhíodh sé snidte aca do dheinidís staimpí dóibh féin.

    Gobhnait Ní Shéaghdha
    Doirenéadain
    Máistir Gaoithe
  11. Filí an Bhaile

    CBÉS 0475

    Leathanach 091

    Ar tógaint braon leanna dhom is ná feadar cad é an taobh dá bhínn
    Ach mo bean is mo leinbh ag tnúth liom i gcóir an tíghe.
    1V.
    Tú mo shúil-se le h-Athair Mhac go rachad-sa arís thar tuinn
    Go Cathair Saidhbín mar dob fearra liom mar a bhfuil om cairde gaoil
    Tá mo gaolta go fairsing cois Dairbhre is Portmagee
    On Ráth go Taithile is gan dearmad Bórb Eoghain Finn.
    V.
    Nuair a bhíos sa bhaile bhíodh na ba beaga romham is im dhiaidh
    Ag feitheamh so mhacha ar maidion go gcrúidhtí iad
    Á seóladh cun garathan ar maidin sara n-eireóchad grinn
    Is a Dhia nár bhfearr liom san é ná muillte is “overseers”
    Síghle Ní Shíothcháin
    Inse na Tuimse
    Maistir Gaoithe
    Cill Áirne
    Fuaireas an amhrán so ó
    Seán Ó Shíothcháin
    Inse na Tuimse
    Maistir Gaoithe
    Cill Áirne.
  12. An Buachaill Aimsire agus an Bheirt Fhathach

    CBÉS 0641

    Leathanach 174

    Bhain sé an ceann de. Nuair a chuaigh sé abhaile leis na ba is ionganthach an méid bainne a bhí aca. D'fiafraigh a máistir de cá raibh na ba aige agus d'inis an buachaill an scéal dó.
    An lá ina dhiaidh bhí rud éigin ag teacgt isteach leis an bhfarraige cun inghean an rí d-ithe agus bhí cathú mór ar an bhfear seo mar gheall air.
    Go luath ina dhiaidh sin chuaigh an buachaill go dtí an caisleán ina mbíodh na fathaigh roimhe sin agus fuair sé bata agus capall draoidheachta ann agus d-imigh sé ar nós na gaoithe go dtí ar fairrige agus chuir sé an rud ag
  13. Sprid Bhearna Gaoithe

    CBÉS 0646

    Leathanach 226

    air labhairt go ndéanfadh sé fear saibhir leis an mangaire. "Uair amháin" arsa sé "hí mé ag obair le fear saibhir. Bhí corcán óir aige agus chuir sé féin crann anseo. D'iarr an máistir orm an corcán do choiméad fé mo shúil. Thug mé an geall dó. Bhí fhios ag an máistir ná bhéinn fíor dom fhocal agus lámhaigh sé mé ar an áit. Táim anseo ón am sin go dtí an oíche seo".
    "Tá áthas im chroí gur labhair tú mar nár labhar tú liom bhéinn anseo le fada agus bheitheá marbh agam. Tabharfad corcán óir duit anois". Chuadar go dtí an crann agus fuaireadar é. Thug sé don bhfear iascaireacht é. Bhí sé ina fhear saibhir ón uair sin amach agus níor chuaidh sé ag iascaireacht ar an dtrá riamh. Níor dhein an sprid aon díobháil do aoinne as san amach. Sin mar a chualas an scéal i dtaobh Sprid Bearna Gaoithe.
  14. (gan teideal)

    San mbliadhain 1825 a bhí an bruighean déidheannach aca i Máighistir Gaoithe agus ní dubhrathas aon Aifreann istig sa séipéal an Domhnach san...

    CBÉS 0474

    Leathanach 220

    Pádraig Ó Súilleabháin Innse Bháidhthe
    Mícheál Ua Módhráin Caol a Phréacháin d’innis
    1. San mbliadhain 1825 a bhí an bruighean déidheannach aca i Máighistir Gaoithe agus ní dubhrathas aon Aifreann istig sa séipéal an Domhnach san. Bhí feirm ag Bait Thaidhg Uí Shúilleabháin i Máighistir Gaoithe an t-am sin. Muinntir Churráin anuas ó Chúmastabha agus Málainn agus Ceannuaig a bhí ag troid le muínntir Shúilleabháin. (Suilleabhánaig a bhóirín) ó’n dtaobh eile do’n chnoc ó Máistir Gaoithe. Díospóireacht a éirig eatortha i dtig óil an Domhnach roimis sin féachaint ciacu acu an cine bfearr riamh. Bhuaileadar am a chéile ar an gcnocán lastuas de’n séipéal an maidin Domhnaig shin roimh Aifreann agus bataí droighin éile ag gach neach díobh Iall ag gach fear ar an mbata ar eagla go snapfaí an bata uaidh sa ngleic. Bhí na Súilleabhánaig ag buadhachtaint agus thiomáineadar an dream eile siar go Cúinnne Máighréide agus soir ar an dtaobh sheas don séipéal agus annsan tháinig camtha ó Barra na Aoine de mhuinntir Shéaghdha ag cabhrughadh le muinntir Curráin agus thiomáineadar muinntir Shúilleabháin ar gcúl arís. Tháinig an Sagart agus chuir sé deire leis an dtroid acht ní leómfadh sé iad a leigint isteach sa séipéal ag éisteacht Aifrinn ar eagla nuair a bhí an fraoch ortha chun a chéile go dtosnóchaidís ar a chéile istig sa séipéal agus go ndoirtfí
    fuil ann. Is ar leac cairrge ar thalamh Bhatt Thaidhg ar léigheadh an t-Aifreann an lá san. Níor mharbhuigheadh aoinne sa troid seo acht basgadh a lán.
    Níl aon amhras mar gheall ar fhírinne an sgéil seo mar is duine a bhí i láthair ag an dtroid agus é 'na gharsún a innis an sgéal do’n bhfear a innis domhsa é. Bé ainm an fhir a bhí i láthair an troda
  15. (gan teideal)

    Deier na sean daoine an chéad sagart a tháinig go paróiste na Dromoda tar éis an Phéin Dlighe gur go Malainn a tháinig sé oidhche Sathairn is ní raibh aon fheisteas aca 'na chóir mar ní raibh aon choinne aca leis...

    CBÉS 0474

    Leathanach 158

    Domhnall Ua Cúrnáin d’innis as Málainn 48 bl.
    Deir na sean-daoine an chéad sagart a tháinig go paróiste na Dromada tar éis an Phéin Dlighe gur go Málainn a tháinig sé oidhche Sathairn is ní raibh aon fheisteas aca ‘na chóir mar ní raibh aon choinne acu leis.
    Do chóireadar leabaidh do anuas ar chúil prátaí a bhí ar thaobh do’n tigh agus d’imthigh sé anonn ar maidin amáireach go séipéal Máistir Gaoithe.
    Pé uair a bhí ceapuighthe do’n Aifreann nuair a bhí sé suas ní raibh acht triúr fear sa tséipéal ar faid si d’fhéach an Sagart timcheall air is dubhairt sé “Tá sé aimsir Aifreann agus níl annso fós acht triúr. Caithimíd feitheamh go dtagaidh siad.” Do labhair duine leis na fearaibh is dubhairt sé “Tá sé chómh maith agat an t-Aifreann a rádh, a Athair, mar ná tacfaidh a thuille annso indiu.” “Is maith an áit a thug mo chosa mé más mar sin atá an sgéal” ars’ an Sagart ag tosnú ar an Aifrieann. Tig cinn tuighe a b’eadh an séipéal an uair sin. Fuarthas dreólán do mhaide giúise i Málainn sa tsliabh soir suas ón droichead a chuir ceann ar an séipéal ar fad.
  16. Pósadh

    CBÉS 0474

    Leathanach 367

    siad go dtí áit éigin i gcóir an lae agus bíonn rínnce agus gach rud deas acha. Annsan tagann siad abhaile san tráthnóna agus bíonn suipéir deas ullamh dóibh. Annsan bíonn leann-dubh agus biotáile acha. Tosnuigheann siad ag rínnce airís go maidhin. Bíonn siad ar meisge núair a bhíonn siad ag dul abhaile ar maidin.
    Fadó ní dheineadh na daoíne aon obair lá pósadh nós a bead é. Rud eile dá mbúaileadh socraid ar an mbóthar ortha deirtear ná raghadh aon rud ar aghaidh go deó acha.
    Gobnait Ní Shéaghdha
    Doirenéadain
    Máistir-Gaoithe
  17. Caitheamh Aimsire agus Cluichí

    CBÉS 0474

    Leathanach 376

    an clíabháin ortha. Bíonn áthas mór ortha núair a bhíonn beirthe ar éan aca, annsan cuireann siad isteach i gcás í agus crochann siad í os cionn an doruis é.

    Máirín Ní Chonaill
    Ochtaibh
    Máistir Gaoithe
    Cill Áirne
  18. Lucht Siúil

    CBÉS 0474

    Leathanach 365

    Do bhí fear eile agus Tadhg O Núnáin a b-ainm do. Is anamh a thagann sé tímcheall na h-áite seo. Sa Coirreánn is mó a bhíonn sé. Bíonn sé ag díol amhráintí agus deineann sé ana mhaith ortha Lá Feise nó lá go mbíonn ráiseanna ann mar bíonn gach aoinne ag ceannach ceann úaidh agus gach pioc de’n airgid a dheineann sé ólann sé é.
    Do bhí fear eile ag dul tímcheall leis. Bhí sé ana bheag. Is ó Cíll-Áirne a bhí sé. Do bhíodh sé ag deisiúghadh corcáin a bheadh briste agus rudaí eile leis. Ní thógadh sé aon airgead acht gráinín mine no plúir.

    Gobhnait Ní Shéaghdha
    Doirenéadain
    Máistir Gaoithe
    Cill-Áirne
  19. Toibreacha Beannaithe

    CBÉS 0474

    Leathanach 368

    gcómhnaidhe in aice an tobair san agus lá amháin do bhí bean ag cur prátaí ar an dteine agus do cuir sí uisge as an dtobar san ar na prátaí. Do bhíodar ar an dteine ar feadh an lae. Do bhí sí ag cur cipíní fútha gus bhí iongnadh uirthi cad na thaobh ná rabhadar ag beirbiúghadh. Ach do bhí ana ghlór á dhéanamh ag an uisge. Do thóg sí an corcán aníos agus do chaith sí an t-uisge isteach i mbuicéid agus chuir sí uisge ón dtobar eile ortha agus ní rabhadar nomat ag beirbiúghadh.
    Do chaith sí an t-uisge do cuir ar ais airís. Tá tobar eile in aice le Tráighlí agus Tobar na Molt an t-ainm atá air. Deirtear nuair a baisteadh Naomh Breandán gur rith trí mullacháin amach as an dtobar. Deireann daoíne eile gur i n-aimsear na bpéin-dlighthe nuair a bhí na Caitlicí á rádh an t-Aifrinn a ritheadar as. On t-am sin go dtí an lá indiu tá an ainm an Tobar na Molt air agus tá trí sceacha ag fás ann.
    Gobnait Ní Shéaghdha
    Doirenéadain
    Máistir Gaoithe
  20. Naomh Faolán

    CBÉS 0475

    Leathanach 060

    Tá baile thoir i mBara na hAoine ar a dtugtar Tullaig-Fhaoláin. Sé an fáth go dtugtar Tullaig Faoláin ar an áit ná gur mhair naomh ann fadó darbh ainm do Faolán. Mhair sé in a aonar i bplúais agus ní raibh aon cúram eile air ach bheith ag paidireóract. Chaith sé an cuid is mó dá shaoghal sa slighe sin. Oidhche amháin do taidhream sé go raibh muintear na Gearmáine ag glaodhach air.
    Dimthig sé go dtí an Gearmáin agus thug sé an cuid is mó de mhuintir na tíre sin go dtí an Fíor-Creideamh. Tá cuid des na séipéil san Gearmáin ainmnithe na dhiaidh. Bhí beirt dritheáir aige, Beárnáin agus Fíonán. Bhíodar san na naoimh leis, agus tá dhá baile sa pharóiste seo ainmnithe 'na ndíaidh, Macaire-Fhíonáin agus Cathair-Beárnáin.

    Mícheál Ó'Séaghdha
    Cillín-Liath
    Maistir-Gaoithe
    Cill Áirne