Bailiúchán na Scol

Bailiúchán béaloidis é seo a chnuasaigh páistí scoile in Éirinn le linn na 1930idí. Breis eolais

Scag na torthaí

Torthaí

10 dtoradh
  1. Ainmneacha Áite

    CBÉS 0090D

    Leathanach 13_059

    annsin fadó agus bhí druimín nuadh air.

    Doirín Dáib Dheirg
    Insa am fadó bhí sé clúdaighthe le crainn darach. Bhí beirt fhear ina chomhnaidhe ann dárbh ainm dóibh Deirg. Bhí an áit go reur futha fhéín. Thosuigheadar ag troid lá amáin agus mharbuigh duine achu an duine eile. Bhí an áit go léir ag an duine eile annsin. Tugtar Doirín Dá Dheirg air ó shoin i leith.

    Ceathramhan Aorach
    Na daoine do bhí annsin bhiodh siad an-aorach.

    Páirc na Sidheóg
    Deirtear go raibh sidheóa annsin fadó.

    Doirín na Scuab
    Bhí a lán crainn darach ag fás ann. Bíod siad ag déanamh scuaba agus tugadh Doirín na Scuab as sin amach.
  2. Pláigh na bhFrancach

    CBÉS 0466

    Leathanach 185

    ar an margadh chonnaiceadar an dream mór franncach ag mairseál i dtreó Mucrois agus sean franncach dall á dtreórú agus sop tuighe i n-a bhéal aige agus greim ar an sop ag dá franncach eile ceann acu ag gach taobh de'n franncach dall agus iad a threórú.
    Go dtí an tigherna talmhan a chuir Mícheál Ó Mathghamhnaig na franncaigh. Ba le Herbert Mhuicrois an talamh mór thímcheall Cille h-Áirne agus ní nach iongnadh do dheineadar scrios sar ar chuir sé deireadh leo. Do bhí dream fear aige ag cur nimhe.

    M'ainm féin:-
    Mo sheóladh:-
    Máire, Bean Uí Chathbhuaidh
    Doirín Darach
    Droichead Dóinneach

    Ainm an duine a thug an t-adbhar dom:-
    Seán Ó Cathbhuaidh
    Doirín Darach
  3. Scéal Greannmhar

    CBÉS 0466

    Leathanach 027

    "An é sin Tadhg leat" "seadh" ars Stiabhna.
    D'iarr Stiabhna ar an ndearbháthair cad a bhí ag cur trioblóide air, agus dubhairt an dearbhráthair gurab é péire stocaí a fuair sé ar bóthar Droichead na Dóinneach.
    Dubhairt sé leis sgilling do tabhairt mar déirc i n-ionad na stocaí agus ná feicfheadh sé a thuilleadh é.
    Nuair do ghabh Stiabhna an abha d'innis sé do Tadhg Ó Cathbhuaidh gach aon rud d'innis an fear marbh dó.
    M'ainm féin. Pádraig Ó Cathbhuaid.
    Mo Sheoladh. Doirín Darach.
    DroicheadDóinneach.
    Cill Airne.
    Ainm an té a thug an t-adhbhar dom
    Seán Ó Cathbhuaidh.
    Seoladh an duine úd.
    Doirín Darach
    Droichead Dóinneac
    Cill Áirne.
  4. Mo Cheantar Féin

    CBÉS 0090D

    Leathanach 02_014

    Doirín Dáimh Dheirg ainm an bhaile 'na bhfuil mé in mo cómhnuidhe i bparráiste Ceathramhan na gCon agus i barúntacht Cearra. Bhí deich is fichid tíghthe ins an mbaile seo fadó acht níl ann anois acht cúig cinn déig. Tíghthe ceann-tuighe 'siad íad uilig. h-Eanacháin an-sloinneadh is coitoianta ann. Deirtear gurb é seo an fáth gur cugadh an t-ainm sin air.
    Bhí coill beag darach annseo fadó agus bhí beirt dearbráthair 'na cómhnuidhe ann. Fir de muinntir Deirg a b'iadh íad agus thosuigh an beirt acu ag troid i marbhuighadh íad. Tá scéal eile freisin; seo é.
    Deirtear nach raibh sa mbaile seo fadó [de'r] Dáimh Dearg agus go raibh sé ann leis na céadta bliadhain
  5. Na Ceirdeanna - Ceárta

    CBÉS 0466

    Leathanach 080

    sin ní raibh aon bóithre ann, ní raibh ann acht casáin ag do b'fheidir le na capállaibh siubhal ar na casánaibh gan aon chrúdh.
    Do bhí ceárdcha ag Doirín Darach an uair sin. Tigín beag ceann tuighe a bh'eadh iad agus fuinneóg an bhea ann. Sé an ainm a bhí ar an ngabhainn na Seán Ó Conaill. Ní bhíodh aon ghual aige acht mhóin a bhí leath dóighte agus do caitheadh sé uisge air agus e leath dóighte agus do Clúduigheadh se é agus coimadad go mbeadh sé chómh mhaith leis an gual atá againn anois.
    Do bhí ceadcha eile i gCúm na Cille ag fear darb
  6. Beirt Fhear a Bádh san Áit Cúpla Céad Slat ón Scoil seo

    CBÉS 0466

    Leathanach 201

    Tímcheall céad go leith bliadhain ó shoin ní raibh aon bhóhar puiblidhe tímcheall na h-áite seo. Ní raibh ann acht casáin agus do gabadh na casáin i dtreó na h-abhann agus bhíódh áhanna treasna na h-abhann. Bhíodh an áth san áit is éadoimhne den abhainn agus do cuireadh clocha réidhe treasna na h-áite san am san.
    Bhí ceann acu ag teacht ó Cúm na Cille síos tríd an riasc gur shroich sé an abha ar an dtaobh den tig atá ar bhannc na h-abhann ag Doirín Darach agus gabhann sé suas annsan cómhtreórach leis an bótar a gabhann suas thar an sgoil anois.
    Lá Nodhlag nuair a bhí bean Mhichíl Uí Laoghaire ag dul ar
  7. Mo Cheantar Féin

    CBÉS 0070

    Leathanach 376

    Mo Cheanntar Fhéin.
    Doirín-Darach an t-ainm atá ar mo bhaile a bhfuil mé in mo chómhnuidhe ann. Tá sé i bparráiste an Cheatramh ruadh. Tá suas le dhá sgór teach in mo bhaile. Tá an chuid is mó go na tíghthe agus slínn atá orra agus an chuid eile tuighe. Tá go leór daoine in mo bhaile. Sé an fáth go bhfuil an t-ainm sin air. Bhí coill mhór ag fás ann sa tsean aimsear agus bhí go leór ainmhidhthe fiadháine ann, annsin gearradh an choill agus níl aon coill le feicéal ann anois. Marbhuigh na h ainmhidhthe agus níl aon ainmhidhe fíadháin ann ó shoin. Níl mórán daoine ins an bhaile.
    Tá triúr sa'n mbaile atá trí sgóir agus deich mblíadhna agus sí Máire Ní Donnchadha an duine is sine acú. Tá an triúr sin ag fágháil an pionsúin. Tá cainnt ag gach duine acha ach níl siad indan aon sgéal a innseacht i mbéalra. Talamh dona atá sa'n mbaile mar tá sé portánách carraigeach agus sléibhteánach. Tá an chuid is mó dhe faoí phortaige. Bíonn na daoine atá san mbaile ag cuir beagán barraí agus cuid eile agus cuid eile [!] ag tarraighnt an dól agus cuid eile ag obair ar an mbóthar Níl mórán locha san mbaile, níl ann acht dhá loch agus sé an tainm atá orrtha loch an lodáin agus loch teann. Sé an fáth gur tugadh loch teann air mar tá gainimh garbh ag bonn na locha. Sé an fáth go dtugtar loch an lodáin air mar tá sé istigh i ngarraidhe ar a dtugtar fiodán. Níl sgéal ná
  8. Seanscéal Fíor

    CBÉS 0466

    Leathanach 126

    as 'néis a chéile agus sa deire fuair sí bás.
    Aon oidhche amháin go raibh Seán ag teacht abhaile agus é déanach san oidhche go maith do chonnaic sé a bhean ag na Ceithre Croiseanna cúpla céad slat ón sgoil annso (Sgoil Doirín Darach) Do labhair sé léi agus d'fiafruigh sé dhi an cúis a bhí sí amuigh mar sin agus í marbh.
    Dubhairt sí leis go bhféadfadh sí í thabhairt abhaile arís dá mbeadh dá mbaileóchadh sé misneacht. Dubhairt sí leis a bheith 'na sheasamh ag na crosairí oidhche i mbáireach agus go bhfeicfeadh sé sluagh marcach ag gabháil suas an bóthar agus go mbeadh sise suas ar an gceathrú capall agus greim do breith uirthi. Annsan do sgeinn sí as a radharc.
    Chuaidh Seán abhaile acht ní leigfeadh an eagla dó rud do
  9. Leigheasanna

    CBÉS 0070

    Leathanach 352

    Feithlún
    dhul go dtí uisge a bheadh idir dhá baile agus buidéal dhe a thabhair leat agus é a chuimilt air.
    Tinneas Taobha
    Uisge a bheadh i mblasg seilimeide
    an ColaTrí spuinneóg purghóide a ól
    An Galar breacTé dubh gan aon tsiúcra a ól dhá uair sa ló
    Ceann Suas
    Trí cinn do 'pills' a chaitheamh.
    Duine a bheadh ag dul sna sígheóga
    Luiba beadh ag fás ar an teach
    Labhrá Ó Máille, 58
    Doirín Darach
    P Breathnach 60
    Bun a Charnáin
  10. Local Place Names

    CBÉS 0138

    Leathanach 443

    Garraidhe:- bán, dubh, árd, Eóin, a leanbh, Seóithin Fhéilim, claidireán, lár, fada, úr, doirín, caol, chúl, garbh, cailleach óg, caislín.
    Streams :- Treinse buidhe, glaiS, poll buidhe, poll dorcha, Eibhnín, Seór mór, abhainn bhuidhe, Towler, (capt. T. made artif. lake there Brackloon) ainglais, Blaych, Tamhna Gamhna, Seisg.
    Creigán :- bán, mór, ruadh, darach, na ceárdchan, currach, na chapaill, na muca, an eidhean, na móna, luchu, waryila, seagail.
    Carraig :- Pusán's rock, na cuach, domhnal[?] Úna, wild cat's rock, teach na mban, ( 2 rocks leaning against each other 2 women lived under) Aill gorm Carraig a púcha, Antoine, St. Patk's rock at gable of Nugent's new house, Bohea. A Cromlech in Taobh Ríabhach, 2 stones 4 ft. high and one beside ( fell off)
    Obtained from :-
    Patrick Walsh ,
    Midgefield

    * NEXT PAGE *
    Meanings of names opposite: Most of them are evident
    GARRAIDHE SEÓITHÍN
    cry like nurse's humming heard there
    GARRAIDHE CAISLÍN
    little heaps of stones, : old; nothing more known
    GARRAIDHE EÓIN
    Eóin O'Maille's garden
    STREAMS
    EIBHNÍN - little stream
    SEÓR(?) BUIDHE -
    TOWLER
    Capt. T. an English man made an artif. lake betwen Brackloon and Killeenacoff for boat, and fish about 80 years ago, presently marshy land.
    AINGLAIS -
    BLAYCH -
    SEISG -
    HILLS, HILLOCKS, CREIGS:-
    Cregán a Wáryla:-
    others are evident
    CARRAIG:-
    PUSÁN'S ROCK, or Pusachán's rock

    TEACH NA mBAN (is between Judge's and Heraty's land at Owenwee)
    Two rocks leant against each other - two travelling women lived under them: names unknown: names and native place unknown also