School: An Cheapach Bhán, An Scairbh

Location:
Cappaghabaunpark, Co. Clare
Teacher:
Seán Ó Briain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0590, Page 189

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0590, Page 189

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Cheapach Bhán, An Scairbh
  2. XML Page 189
  3. XML “An tAonach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An t-Aonach.
    Bíonn aonach míosúil sa Scairbh anois. Aonach na Muc an céad lá agus ba caoraigh agus capaill an dara lá.
    Ní mar sin a bhíodh ann fadó. Bhí páirceanna fé leith scaipithe ar fuaid an páróiste go nglaodhtar Páirc an Aoinaigh orra fós. Tá ceann amáin in aice na sgoille seo darbh ainm an Baile Glas.Tá aontaighthe mar seo imthighthe as úsáid anois. Ba gnáth aonach amháin a bheith ann gach blian.
    Tá Faithche an Aonaigh sa Scairbh acht úsáidtear na Sráideanna go léir lá an Aonaigh. Ní gádh paidhe (Toll) do dhíol ar na h-ainmhidhthe. acht tá tigh an mhargaidh ann, agus caithtear é dhíol ar gach mála prátaí - coirce srl. cómh maith leis na mucaibh a meádhtar ann.
    Tugtar airgead chun ratha (Luck penny) don ceannuightheóir - leath-coróinn ar gach £10 nó mar sin.
    Bíonn sé ina mhargaidh buaileann duine bas an duine eile le na láimh
    Úsáidtear alán slighte chun na beithidhigh do marcáil i.e. Breasail - le laithigh ar bhárr maide, nó an fionnadh do gearradh in áit fé leith.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trade
          1. buying and selling (~3,622)
    Language
    Irish