School: Kilkishen, Sixmilebridge

Location:
Kilkishen, Co. Clare
Teacher:
Pádraig Ó Conchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0585, Page 291

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0585, Page 291

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Kilkishen, Sixmilebridge
  2. XML Page 291
  3. XML “Na Daoine Maithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Cúpla bliain ó shoin bhí fear ag tocaile uaige í Cill-Mhuire do dhuine éiginn. Ta sé sin míle go leith siar ón sgoil. An fhaid a bhí sé ag tocailt fuair sé bonn agus chuir sé in a phóca é. Nuair do chuaidh sé abhaile do thug sé d'á mhuinntir é agus annson to chuir sé ar an driosúr é.
    An oidhche sin nuair a bhíodar go léir 'na gcodhladh do thosnuigh a lán fothruim sa tigh. Nuair d'éirigheadar ar maidean bhí léar scrios deanta. Bhí na cathaoireacha tímcheall na cisteanach, bhí an bórd síos suas, bhí na cupáin agus na fo-chupáin briste, bhí an tslú briste. Bhí clog sa driosúr ná raibh ag obair ar feadh deich mblian roimhe sin agus do thosnuig sé sin ag obair.
    Níor chuir sé morán suime ins na neithibh iongantacha san an chéad oidhche acht go ceann cúpla oidhche. Bhí an rud céadhna
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Bernedet Ní Néill
    Gender
    Female
    Address
    Kilkishen, Co. Clare