School: Kilmore Convent School
- Location:
- Kilmore, Co. Wexford
- Teacher: Sr. Lorcan Ní Riain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ainm an aithriseora - Cáit Ní Lamport
A h-Aois - 14 bliana
A Seoladh - Baile h-Éile, Cill Mhór
Fadó bhí cáil mhór ar Bhaile h-Éile maidir le h-iasgaireacht. Thagadh iasgairí ó'n Bhreatain Bhig go dtí an áit gach bliadhain le h-iasg d'fhághail. Bhí de nós ag iasgairí Bhaile h-Éile gan cur amach chun fairrge ag iasgach Oidhche Naoimh Mairtín. Bhí iasgairí ó Shasana san áit ag an am san agus rinneadar magadh fé na h-Éireannaigh. Dubhradar nach raibh splannc céille aca, gur chreideadar i bpisreogaibh srl. Ba bheag suim a chuir iasgairí Bhaile h-Éile ionnta, d'fhanadar sa bhaile.Pé scéal é, chuaidh na Sasanaigh amach ag iasgach dóibh féin agus d'fhilleadar ar maidin agus na báid ag cur thar maol le h-iasg. Bhí díombáidh ag iasgairí Bhaile h-Éile a d'fhan sa bhaile.An chéad Oidhche Naoimh Mairtin eile dubhairt iasgairí Bhaile h-Éile leo féin go raghfaidís amach ag iasgach. Rinne na mná a ndicheall gan dóibh dul ach ba bheag suim a chuir na h-iasgairí ionnta.(continues on next page)- Collector
- Cáit Ní Lamport
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- Ballyhealy South, Co. Wexford