School: Cathair Seircín, Inis Tíomáin (roll number 5186)
- Location:
- Cahersherkin, Co. Clare
- Teacher: -
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dá dtiocfadh sí as. Bhí go maith is ní raibh go holc. Do tháinig an mhuc slán ach má tháinig féin tháinig athrú aigne ar an bhfear agus dubhairt sé lena mhac go ndíolfadh sé an muc. Bhí brón mór ar Tóne agus ní raibh a fhios aige cad ba cheart dó a dhéanamh. D'innis sé an sceul do chómharsa éigin agus níl fhios againn cad dúbhairt sé siúd ach is deallamhrach gur sásamh sé an buachaill óg. An oidhche sin nuair a bhí athair Tóne in a chodhladh tháinig guth taobh amuigh de'n bhfuinneóig agus nuair a d'fhiafruigh sé dhe cé bhí ann sé seo an freagra a fuair sé:"Mise Máirtín fear na bhFionn,
Cuirim dúil ins gach feol
Mara marbhuigheann tusa an muc bán
Marbhóchaidh mise do mhac Tóne"Nuair a d'airigh an fear an méid sin cheap sé gur Naomh Máirtín a bhí ann agus chomh luath agus d'eirigh sé maidin lá ar na mháireach do mharbh sé an muc. Do bhí Tóne an-shásta leis féin annsan ach níor innis sé dó riamh gur é an chómharsa a tháinig go dtí an bhfuinneóig an oidhche sin agus gurb é féin a bhí cionntach lena theacht.- Collector
- Bríghid Ní Orgáin
- Gender
- Female
- Informant
- Cáit Ní Chonóil
- Gender
- Female
- Address
- Cahersherkin, Co. Clare