School: Scoil Bhríde, Liosceannúir
- Location:
- Liscannor, Co. Clare
- Teacher: Dónall Ó Seasnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)51
(ar leamhamhaint)An Turnaip = geibhtear turnaip agus baintear an croicheann ar fad de gan é do bhriseadh. Caithtear laistiar dhá dhrom annsan é, agus deirtear go mbíonn sé i bfuirm litreacha áirighthe.
Sé sin le rádh na litreacha thosuig ainm agus sloinne an dhuine le 'na mbeidh tú pósta.Sgathán = geibheann cailín sgathán agus seasann sí ar bhárr an staighre. Féachainn sí isteach sa sgathán agus gan a súile a thógáil ar an sgathán, siubhlann sí anuas go bun an staighre agus deirtear go bhfeiceann sí pictiúr a fhir-chéile istigh sa sgathán.Ubhall i dtabhach uisge = faightear dabhach uisge a mbeadh doimhean agus chaithtear ubhall isteach ann, agus bíonn an t-ubhall ag snámh. Deinneann an líon-tíghe iarracht ar ghreim fhághail ar an ubhall. Má eirigheann le h-aoinne é sin dhéanamh is leis an t-ubhall.Airgid i mBáisín Uisge = de ghnáth geibhtear píosa trí pinnginí agus chaithtear isteach san uisge é, agus dar ndóigh téigheann sé síos go tóin an uisge. Deintear iarracht ar ghreim fhághailar le na fiaclaí. An té a eirigheann leis: bíonn an t-airgead aige.Scríobhtha ag Máire Ní Chonnsaidín,
Chinn Fhaillte,
Samhain 5ad lá 1937- Collector
- Máire Ní Chonsaidín
- Gender
- Female
- Address
- Kineilty, Co. Clare