School: Béal Átha Hubhla (B.) (roll number 3997)
- Location:
- Ballyhooly, Co. Cork
- Teacher: Dáithí Ó Murchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá baile fearainn, ar a dtugtar An Charraig suidhthe timcheall dó go leith míle on sráid bhaile idir Mainistir Fhear Muighe agus Baile Áta h-Úbhla. Tá caisleán tógtha ar Charraig árd agus sin é an fáth go dtugtar An Charraig ar an áit. I bpáirc mhór tá fothracha de Mhainistir. Níl fhios ag aoinne cathain do tógadh é ná cathain d'imthig na Mánaigh as. Níl ach piosa de fallaí fágtha anois.In aice leis an gCarraigh tá baile fearainn eile, ar a dtugtar Teampall Nua, suidhthe. Fadó do bhí teampall nó séipéal ann. Do bhí baile beag ann leis ac níl ac na fothraca faghtha anois. Níl aon rian den teampall ann agus níl fhios ag aoinne cá raib sé. Do bhí tigh tabhairne ann leis ac do dúnadh é nuair do marbhuigheadh saighdiúr ann timcheall ochtmhó blian ó shoin.Ar an dtaob thuaidh de Theampall Nua tá Baile Nua suidhthe. Baile fearainn iseadh é sin leis. Fadó do bhí alán ferimeóirí ann ach d'imthigheadar im aimsear an ghorta. Deirtear go mbíodh tarbh ag burithig ann uaireannta, fadó. Ní raibh aon tarb saoghalta ann. Bhiodh eagla ar gac aoinne roimh an tarb mar leanadh sé aoinne a raghadh isteac ins na páirceanna. I lár na oidhche cloistí é.
- Collector
- Séamus Taton
- Gender
- Male
- Age
- 14
- Address
- Carrig, Co. Cork