School: An Chathair Gharbh (roll number 13896)
- Location:
- Cahergarriff, Co. Cork
- Teacher: Criostóir Ó Dubhghaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Conas a Fuair Dúthaigh Bhéarra a Ainm
“Ba cheart dúinn go léir ana shuim do chur i stair ár dúthaighe féin, pé beag mór í”
Seán Ó Suilleabháin, Fuithir, Cathairgarbh
Fuarathas an mhianach ó Ellen Murphy a shean-máthair - aois 80 bl.
Ba cheart dúinn go léir ana shuim do chur i stair ár dúthaighe féin, pé beag mór í.Cionus a fúair dúthaig Bhéarra a h-ainm? De réir na sean daoine bhí Mach Eóghain Mhóir -adgath Chuinn Chéid-Chathaigh in a oifigeach in airm na Spáine agus bhí inghean ag rí na tíre sin darb ainm dí Béarra. Thug sí grád do'n oifigeach agus d'éaluigh sí leis go h-Éirinn. Nuair chúala an rí cad a thárla bhí sé ar buile agus cuir sé cabhlac in a ndíaidh. Tháinig airm an ríogh súas le Mac Eóin Mhóir ag Ros Mhic Eóin agus troideadh cath ann. Fúair an bhanflaith, Bearra bás de'n chrúadhtan agus níltear cínnte cár cuireadh í. Deir cuid de's na sean daoine gur cuireadh í i "gCúm" 'ar an dtaobh thúad de Árd na Sgéac. Ac de réir daoine eile is in aice le Cíll Mhic Eóna a cuireadh í i sean roilig atá ann agus deirtear leis gur i gCill Mhich Eóin a tugadh an cath.(continues on next page)- Collector
- Seán Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- 14
- Address
- Fuhur, Co. Cork
- Informant
- Ellen Murphy
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female
- Age
- 80