School: Gleann na gCoileach (roll number 1583)

Location:
Glannagilliagh, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Ríoghbhardáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0472, Page 017

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0472, Page 017

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gleann na gCoileach
  2. XML Page 017
  3. XML “An Feirmeoir agus an Tiarna Talún”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    féin a bhí ann agus go raibh sé ar tí iad do thógaint leis go n-ifrionn. As go bráth leó, ag fagáilt an ciste 'na ndhiaidh. Anuas leis agus d'fhill sé an cófra leis an gcroiceann agus abhaile leis arís, leis an t-ádh. Ní fhéadhfhadh sé an stór do chómhaireadh agus chuir sé a bhean go tig an Tighearna Talmhan ar lorg iasacht thómhais. Cad é an gnó atá agat de ars an Tighearna Talmhan. Chun ár gcuid airgid do thómhais. Níor chreid sé í, agus tháinig fearg air. Nár' fheicheadh na flaithis má táim ag innsint bréige" ar sisi "agus muna gcreideann tú mé tar liom chun é d'feicsint. Suíd leis chois na mná agus nuair shrois sé an tig, cé bheadh ann ach an feirmeóir na shuidhe go sonasach féachaint ar an gcarnán airgid. Cá bfuairis-se an t-airgead go léir" ars an Tighearna Talmhan go droch-bhéasach. Sin é a fuaras ar croiceann na seana-bó go rabhais-se de cineálacht ionat do mharbhú' dom. An bfuilid chómh daor anois" ars an Tighearna Talmhan. Ní fheadhar" ars an feirmeóir, "ach sin a fuaras, as an droch-gníomh do dheinis. D'fhill sé abhaile agus d'órduig sé gach uile bó ar an estát do mharbhú' agus iad d'fheannadh agus iad do dhíol. Dheineadar mar a h-órduigheadh iad. Nuair shrois an Tighearna Talmhan an margadh leis na croicinn, ní cheannóchadh aon duine oiread, is cheanndíobh. Do b'éigin dó filleadh abhaile go bréan dó féin. Ní adhmóchadh an bob do bhuail an feirmeóir air, agus ní raibh aon t-shásamh le fagháil aige. Dhíol an feirmeóir an fheirm agus d'fág
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1535: The Rich and the Poor Peasant
    AT1653: The Robbers under the Tree
    Collector
    Sean Naughton
    Gender
    Male