School: An Gleann Mór (roll number 11748)
- Location:
- An Gleann Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire T. Ní Chonaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gleann Mór
- XML Page 255
- XML “Arán na Seanaimsire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sa t-sean aimsir deintí an t-arán do phlúr mhin-choicre. Ar dtuís meiltí an gráinne ar an mbróin. Bhíodh cheann ag gach aoinne fadó acht nílidh ann in aon chor anois. Sa ghreidiol do cuirtí an t-arán ag bácáil mar ní bhíodh aon báchus ann an uair sin agus tá an ghreidiol ag an lán des na daoine fós. Bhíodh steaimpí leis acu fadó ar fhéilí áirigthe sa mbliadhan – Lá Féile Shan Sheáin agus Lá Fhéile Mhichil.
Seo mar a deintí an steaimpí a deir an sean amhrán.
“Tá tigh mór fairsing i mbarra na h aoinne
Tá bean acu á glanadh ann is bean acu á scríobhadh
Is bean acu a fhaísgeadh an gcorcán ar a dicheall
Is seana bhean ar a corraghiob á leathad ar an ngríosaig”(continues on next page)- Informant
- Donnchadh Mac Giolla Choda
- Gender
- Male
- Address
- Tuairín Uí Dhuinnín, Co. Kerry