School: Cillíneach (roll number 12412)

Location:
Killeenagh, Co. Kerry
Teacher:
Dd. Ó Cuill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0427, Page 210

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0427, Page 210

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cillíneach
  2. XML Page 210
  3. XML “Páirc na bhFód”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ins an tsean aimsear bhí cuigdeag agus fiche do líon tighibh i bPáirc na bhFód, sé sin páirc atá in Eochail. Do bhí mórán leanbhaí ins an mbaile mbeag bocht sin. Iasgaireacht abeadh an slighe beatha a bhí ag a n-athaireacha. Ní raibh puinn talmhan aca. Ní raibh níos mó ná leath acra ag na haoinne aca agus do bhí sé ana chruaidh ortha iad féin do chothú. Do bhí mórán braduidh-eachta do ndeanamh mór dtimcheall na háite agus do bhí ana sgannradh ar dhaoine bochta Pháirc na bhFód mar ní raibh puinn aca féin le spáráilt. Do bhí seanduine ann go raibh triúr ógánaigh aige agus nuair a bhíodh na daoine ag cnáibhseáil ar na beithiúnig deireadh an seanduine leo na haon uair "h-Eanlaithe na h-aer bhfaoidhlig[?] ar na beathuinigh". Do phós ceann dá mac timcheall na huaire seo. Do chuaidh sé 'na chomhnuighe i mbotháinín inaice botháin a h-athair agus cheap an bhean óg go raibh rud éigin ait ag siubhal eatortha, mar do chodlochadh a fear fada isteach san lá agus bhíodh a dhóthain le n-ithe aca, iasg agus feól, úar agus goirt agus fuighleach do arán cruithneachtan agus min-choirce.
    Aon oidhche amháin sgriosadh an áit timcheall ortha go léir le gaduidheacht. Lá ar mháireach do bhí na mná amuigh agus iad a bualadh a mbas agus iad ag gol agus iad a rádh cad dhéanfadh na leanaí go gheobhadh siad bás leis an ocras mar go rabhadar sgriosta aréir. Lá ana bhreagh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Siobhán Ní Muirchearta
    Gender
    Female
    Address
    Caheracruttera, Co. Kerry