School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean

Location:
Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
Teacher:
An tSr. Máire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 231

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 231

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
  2. XML Page 231
  3. XML “Bruíon”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bruighean

    Bhí dream daoine darb’ainm na Feiritéirigh in a gcómhnuidhe i bParóiste an Fheiritéirigh fadó agus bhíodar ar an ndream ba láidre sa pharóiste agus dá bhrigh sin bhiodar neamh spleádhach de ghach aoinne. Bhí rímse mór talmhan acu agus timcheall le fiche bó. Bhí beirt acu ina gcómhnuidhe in aice le chéile.
    Bhí dream eile dar b’ainm Uí Mháille ina gcómhnuidhe taobh leo, agus ní raibh an dream so ro-mhaith ar fad as, agus ós rud é go raibh na Feiritéirigh chómh laidir sin ní reidhtigheadar riamh le-n-a chéile. Bhídís ag bruighean in agaidh an lae, agus gach aon áit go bhfaighidís seans ar a chéile bhídís ag marbhú a chéile. Lá amháin bhí ráiseanna ar thráigh Fionn Trágha agus thárla go raibh na Feiritéirigh agus muinntir Uí Mháille ann. Pe rud a bhí ar suibhal ag an dá dhream bhuaileadair le chéile ar an dtráigh agus gan dabht bhí braon ólta ag gach aoinne acu agus thosnuigh an troid eatorra.
    Bhailigh na daoine go léir ag féachaint ortha agus ní raibh aoinne acu ag fagháilt an láimh uachtair ar an bhfear eile. Bhíodar ag dul ro-dhian ar an obair agus bhiodar leath-mharbh ag a chéile. Nuair a chonnaic na daoine iad theastuigh uatha iad a chosaint ach chuaidh dóibh. Leanadar ortha go dtí gur thosnuigh an rás agus annsan scaip na daoine, agus pé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Máighréad Bean Uí Mhistéil
    Gender
    Female
    Age
    77
    Occupation
    Bean iascaire
    Address
    Ceathrú an Fheirtéaraigh, Co. Kerry