School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean

Location:
Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
Teacher:
An tSr. Máire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 123

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 123

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
  2. XML Page 123
  3. XML “An Bheirt Driofúr”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do chómhnuigh insan tsean-aimsir beirt driféar, ceann bocht agus an ceann eile saidhbhir. Bhiodar araon pósta i gCo. an Chláir. Aon lá amháin do ghaibh fear siubhail isteach go dtí an bhean bhocht agus d'fhiafruigh sé di an raibh fhios aice aon áit a gheobhaidh sé obair. Dubhairt sí leis suidhe sios go dtí go dtiocfadh fear a' tighe isteach mar go raibh sé ag obair insan tig mór, sé sin tig a driféar. Do shuigh sé síos agus chromadar ar seanchaidheacht go dtí go dtáinigh fear a' tighe isteach. Annsan d'fhiafruigh sé de'n fhear-tighe an bhféadfadh sé obair d'fhagháil in aon áit timcheall na h-áite sin. Dubhairt sé leis fanacht go maidin agus go bhfaigheadh sé obair dó, agus do dhein an stróinséar amhlaidh.
    Maidin lá'r na mhaireach do chuaidh an bheirt acu go dtí an tig mór agus fuaireadar obair ann. Is insan sgioból a bhí an stróinséar ag obair an lá san, agus i lár an lae do ghaibh muc reamhar thar an dorus, agus do sháidh sé an píce innte agus do mhairbh sé í. Annsan thug sé isteach í agus chuir se fé'n tuighe i leathtaobh í. Um tráthnóna nuair a tháinigh an máistir d'iarr an oibrightheoir gabháil tuighe air chun leabaidh a dhéanamh dhó féin i gcóir na h-oidhche. Fuair sé an tuighe agus nuair d'imthigh an máistir do chuir sé an mhuc isteach i lár an bheart-tuighe, agus d'imthigh sé leis go dtí tig na mná boichte airís. Do thóg sé amach an mhuc agus do ghlan sé í, agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1536A: The Woman in the Chest
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Ó Súilleabháin
    Gender
    Male
    Age
    70
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    An Gabhlán Ard, Co. Kerry