School: Smerwick (B.)
- Location:
- An Mhuiríoch, Co. Kerry
- Teacher: Dd. Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Smerwick (B.)
- XML Page 610
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sé "Fear mharbhuighthe an céad" air. Tháinig an tailiúir ag diol an ghabha agus thug sé leis an claidheamh. Chuaigh sé tímcheall na h-áite annsan ag lorg oibre go mbeadh baint ag claidheamh leis. Chuir an rí fios air chun a chaisleán a chosaint do mar gach aon oidhche taghadh daoine éigin á leagadh.
D'fhan sé an chéad oidhche ag faireadh an chaisleáin agus i lár na h-oidhche tháinig triúr fear fé dhéin an chaisleáin. Thosnuígheadhar á leaghadh nogo ruith "fear marbhuighthe an céad" chúcha agus thug sé fé duine aca lé na chlaidheamh agus mairbh . Thug fé'n tarna duine agus mhairbh, agus thug sé fé'n tríomhadh ach d'iarr sé pardún air. Dúbhairt sé leis gan é marbhú in aon chor mar gur amhlaidh a bhí sé fé smacht ag an mbeirt eile agus go gcaithfheadh sé gach aon rud a dhéanamh dóibh. Níor mhairbh "fear mharbhuighthe an céad" é; thug sé seans dho. D'fhan sé an chéad oidhche eile ag faireadh arís, ach níor tháinig éinne ag deanamh díoghbhála do'n gcaisleán. Nuair a dúbhairt sé leis an rí go raibh an méid sin deanta aige(continues on next page)- Collector
- Pádraig Ó Séaghdha
- Gender
- Male
- Address
- Baile na nGall, Co. Kerry
- Informant
- Pádraig Ó Séaghdha
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Baile na nGall, Co. Kerry