School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh

Location:
Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
Teacher:
Máire Ní Mhainnín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 489

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 489

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
  2. XML Page 489
  3. XML “Scéal - An tAimiréal Ó Muircheartaigh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    do bheith críochnuithe nuair d'eirigh sé amach as an gColáiste agus do chuaidh sé ar bhórd árthaig go dtí Sasana. D'iompuigh sé na "souper". Do bhí sé tamall ar bhórd árthaig g [?] cogaidh i seirbhís an t-Sasanaig. Ins an am so do bhíodh crinniú ag Ceannairí árthaighe fairrge go léir in a leithéid sin do chuan. Do bhíodh ceol is rinnce, ithe is ól aca i rith an chruinnithe sin de ló agus t-oidhche. Do bí an Amiréal Ó Muircheartaig 'na mháirnéalach agus 'na shean-bhaitsiléar an uair seo ar bhórd ceann des na h-árthaí úd. Nuair a bhailig na h-árthaighe sa chuan lá cruinnithe áirithe d'eirig fuireann gach n-árthaig is do chuadar ar bhórd árthaig eile. Ach níor chorruig an máirnéalach Ó Muircheartaig. Nuair a bhíodar ar fad imthithe agus ceól is damhas ar siubhal aca do ghlac sé seo chuige a bheidhlín agus do thosnuigh ar bheith ag seinnt do féin. Níor bhfada go raibh cluas lé h-éisteacht ag na ceólteóirí eile agus ag fuirinn na n-árthach go léir agus do taidhsígheadh dóibh nár chualadar riamh ceól ba bhinne. D'eirig Captaéin áirithe
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Caitlín Ní Mhuircheartaig
    Gender
    Female
    Address
    An Riasc, Co. Kerry
    Informant
    Seán Ó Muircheartaig
    Gender
    Male
    Age
    65
    Address
    An Riasc, Co. Kerry