School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)i gcómhaidhe. Do threabhaidh sí léi aniar amach go dtí gur tháinig sí comh fada aniar le speir Mháire Ní Cheárna. Tá leac annsan agus bhuail an bád uirthi agus tá leac bradly mar ainm uirthi ó shoin mar is bradly an sloinn a bhí ar Captaoin an Árthaigh. Do chaith an chloch isteach tamall í agus threabhaidh sí léi soir go dtí lár na trága. Do chaith sé ancaire amach annsan. Do bhíodar amuigh agus iad dá leathadh leis an bhfuacht. Do chuimhnigheadar ar chleas. Do thugadar an téad do cheann des na fir le tabhairt isteach acu agus bhí an iomarca suaithadh ann agus d'imigh an fear fé thóin an bháid. Do bhí madra annsan ar bórd agus thug sé isteach slán ar an gcráig í. Do choimeád muinntir an oileáin an téad agus bhíodar ag teacht isteach. Do bhí tonn mór ag teacht agus choimeád muinntir an oileáin an téad ró mhór agus bhris sí. Do báthadh an dream a bhí amuigh ach tháinig an dream a bhí istigh saor. D'imigh an Captaoin(continues on next page)
- Collector
- Pádraig Ó Ceárna
- Gender
- Male
- Informant
- Seán Tom Ó Ceárna
- Gender
- Male
- Age
- 58