School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)shoir, agus shiar. Nuair a chualaidh sé cad a imhthig air ba ghóbair nár imthig sé as a mheabhair. Théigheadh sé ar bhruach na habhann seo gach uile lá ag gol go fuidheach. Gach dara mí d'eireigheadh an breac grándha seo agus chuireadh sé farraige as cionn an tighe bhig a bhí ar bhruach na habhann agus é i reachtaibh é a slogadh leis shiar na ghoile.
Cuireadh gairm amach annsan go gcaithfheadh caillín éigin teacht agus dul sa tig bheag úd agus guthaí an ainmhidhe a thabhairt fé ndeara. Do bhí leas mháthair agus a hinghean dó deag bliadhanna na gcómhnuidhe i mbaile beag. Do bhí gach aoinne á rádh go níosfhadh an tainmhidhe sin an té a raigheadh san tig. Bé siúd buacas na leasmhátharach mar bhí fuath an oilc na chroidhe dí. Dubhairt sí léi bailiú léi agus dul san tig. Do thosaig an caillín bócht ag gal go fuidheach agus í go briste(continues on next page)