School: Corr na Móna
- Location:
- Corr na Móna, Co. Galway
- Teacher: P. Ó Maille
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Corr na Móna
- XML Page 201
- XML “Tomhaiseanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mac a Rí dioch aistí. Cíoch
Chuaidh mé suas is anuas an bóithrín is thug mé an bóithrín ar mo druim liom. Dréimide.
Chugad chugad thríd a tom cailín a Righ is a ceann crom. Tuaidh.
Chuaidh sé suas cho geal lé sgilling is tháinic sé anuas cho bhúidhe lé or. Ubh.
Trí cosa san aer agus dhá chois ar a talamh is cloigeann an fhir bheó i mbéal an fhir mhairb. Fear is póta ar a cheann aige.
Céard is duibhe ná an fiadhac dubh A chuid clúmhaigh.
D'ól mé cupán dhó is bhí dhá chéad súil ann. Anthra.
Teachtaire beag o theach go teach is ní bhíonn sé istigh chor a bith Casán.
Cé mhéad cos ar ucht moilt. Dhá chois.
Is cruinne é ná do cheann agus fuide é ná na míltí crann. Cirtlín shnáithe.
Tobairín fíor uisge ar fhíor ar fhíor bhárr an tsléibhe(continues on next page)