School: Seanafarachán (roll number 12646)
- Location:
- Seanadh Farracháin, Co. Galway
- Teacher: Seán Mac An Ríogh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Seanafarachán
- XML Page 248
- XML “Fear na Stocaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)acht an bheirt gaduithe agus an bulán marbh aca is iad d’á fheannadh.
Rinne mo dhuine tréan iarracht ar a chosaí a thabhairt uatha acht rug siad air. “Seo é an bitheamhnach” ars duine aca a bhí ag breathnú orainn anocht agus tá sé chun spiadóireacht a dhéanamh orainn”. “Cia aca is fearr leat” adeir siad “do cloigeann a chur ar an dtáirsigh is é a bhaint díot ná thú a chur isteach i mbolg an buláin agus thú a chaitheamh san abhann”.
“Dheamhan seans ar bith a bheadh agam” arsa mo dhuine “dá gcuirinn mo chloigeann ar an dtáirsigh. Is feárr go mór liom an bealach eile gidh gur rogha an dá díog é.” Bhí go maith. Chuireadar isteach i bputóg an bhuláin é agus chaith siad san abhann é. Bhí sé ag ceapadh go raibh a chosaí nighthe go bhfuair sé amach nach leigfeadh an phutóg aon aer isteach. Fé dheireadh agus é ag snámh leis tháinig sé isteach ar chiumais na habhann. Thárla go raibh feilméar ag toraidheacht caorach agus nuair a chonnaic sé an meall shíl sé gurbh é an chaora a bhí crocht ag an fuarloch. Tháinig sé agus gheárr sé an rópa a bhí thart air agus deirigh an Seoighe aníos as. Tháinig sgáth an domhain ar an bhfeilmear agus thuit sé as a sheasamh.
D’imthigh an Seoigheach a bhealach féin ansin. Bhí sé ag imtheacht leis go dtáinig sé chuig teach eile. Sa teach seo bhí beirt chailligh cois teineadh ag cruadhchain(continues on next page)- Collector
- Seán Mac An Ríogh
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Máirtín Ó Choidhin
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Address
- Dúleitir, Co. Mayo