School: Seanafarachán (roll number 12646)
- Location:
- Seanadh Farracháin, Co. Galway
- Teacher: Seán Mac An Ríogh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Seanafarachán
- XML Page 156
- XML “Seanfhocail”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)156.
An té ghoidfeas an biorán goidfidh sé an t-snáthad.
Ná trostuigh cnámh an Phólí dá mbeadh sí seacht mbliana i dtalamh.
Diombás na pingine agus dul amugha na sgillinge.
Dá dhonacht é an baile is fearr é ná cuartaidheacht.
Níl aon uallach mar do uallach féin.
Cé mholfadh an ghé bhréan muna molfadh sí féin.
An té nach gcleachtann an marcaidheacht dearmaduin sé na speir.
Ní creidtear an fhírinne ó fhear déanta na mbréag.
Is deacair dul idir mac agus máthair.
D'ithfadh muc ciúin fata
Ná trostuigh an té nach n-abrann mórán.
Ní leithne an t-achar ná an timpist.
An rud a sgríobhann an púca léigheann sé féin é
Bíonn ádh ar an amadán
Is námhaid an cheird gan í a fhoghluim
Bíonn sonas in diaidh na straoilleadh.
Bíonn súíl an ghabha ar an táirgne
Ní thagann olc i dtír nach fearrde dhuine é
Is minic a leig béal na h-uaighe rud ar béal na truaighe
Níl grádh da mhéid nach bhfuil fuath dá réír
Dá ghiorracht duit do chasóg is giorra do léine
Is fearr súil le muir ná súil le cill
Is í an truisle in am coimhlinte agat í
Is minic a bhuaidh teanga srón
Is minic cú mall sona
Is maith an treoraidhe an t-anró(continues on next page)- Collector
- Máighréad Breathnach
- Gender
- Female
- Address
- Seanadh Farracháin, Co. Galway