School: Seanafarachán (roll number 12646)

Location:
Seanadh Farracháin, Co. Galway
Teacher:
Seán Mac An Ríogh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 154

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 154

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Seanafarachán
  2. XML Page 154
  3. XML “Tomhaiseanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    154
    62.Tá garraidh annsin thíos agam agus tá sgata mna óga ann ag damhnad go deas,
    gúna gorm agus gúna glas agus dá dtomhaistear go maidin , ní thomhaisfeá mo chleas.
    Freagra :Dasachtain fataí (damhnad : forbairt, fás, Dasachtain :das(gasracha) uimh iolra
    63.Téigheann sí siar gach lá acht ní fheictear í ag dul soir. Freagra :An ghrian
    64.Chuaigh fear gan súile i ngáirdín ubhla ,ní bhain sé ubhla agus níor fhág sé ubhlaí.
    Freagra :Fear leath-shúil agus bhain sé ubhall agus d'fhág sé ubhall
    65.An fear a rinne é , níor chaith sé é agus an fear a chaith é ní fhaca sé riamh é .
    Freagra :Cónra
    66.Casóg bréidín lá sneachta , uisge salach ag múchadh teine, claidheamh maide agus
    láimh fir claoidhte .Freagra :Na trí rud is fearr ,na trí rudaí is fearr ná iad.
    67.Chugat chugat tríd an linn, gréasaidhe leipreachán 's a chois tinn,
    Bárr a bróige istigh ina bhéal agus a dhá shúil amuigh as a cheann. Freagra :Frog
    68.Trí cosaí nach lúbann agus clab mór nach ndúnann. Freagra : Pota
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. riddles (~7,209)
    Language
    Irish
    Collector
    Máighread Breatnach
    Gender
    Female
    Address
    Cnoc na Fuaiche, Co. Galway