School: Seanafarachán (roll number 12646)

Location:
Seanadh Farracháin, Co. Galway
Teacher:
Seán Mac An Ríogh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 122

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 122

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Seanafarachán
  2. XML Page 122
  3. XML “An Chailleach Bhéarra”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    aon dochar mise ag dearcadh air” ar sí féin “Níl” ar an bhean eile. Cuimil sí an gairaoileach a bhí aici de agus ghlan sí é.
    Annsin dubhairt sí leis an gcailín a rádh leis an gcailligh gurbh í féin a ghlan é. “Tá go maith” ars an cailín agus d'imthigh sí suas ag an gcailligh. “Cé ghlan í seo” ar sise “Mé féin ar an bhean. “Ní tú” ars an cailligh “cé tá shíos agad” “Tá bean” ar sise. “Leag do chloigeann annseo”. Leag agus bhain sí an cloigeann dí. Bhí cailín sa teach darbh' ainm Cúl Carrach. “Gabh sí a Chuil Charraich” ars an chailleach “agus abair léithe an garaoileach sin a thabhairt duit”. Chuaidh. Dubhairt an bhean go dtiubharfadh dá leigeadh sí dí chodhladh len' a mac agus dubhairt an cailleach go leigfeadh. Thug sí an gharaoileach dí annsin.
    Nuair a tháinig an oidhche chuaidh an bhean a chodhladh leis an bhfear. Thosuigh sí ag cainnt leis acht na labharfadh sé léithe. Ar maidin chuaidh an chailleach siar agus (agus) ar sise “Gabh 'mach as mo leabaidh go beó a streap adeir sí. Chuaidh. Cuireadh Cúl Carrach síos ar thóir an raca arís. Thug sí do'n cailleadh é le cead codhladh le na mac. Nuair a tháinig an oidhche chuaidh sí a chodhlad leis aríst agus níor labhair sé léithe. Ar maidin d'imthigh sí. Nuair a bhí Cúl Carrach síos an lá roimhe bhain sí gream as a cuid éadaigh leis an sisiúr is bhí an culaith ba bhreaghtha sa domhan uirthi. Chuir an chailleach Cúl Carrach síos ar thóir an tsisiúr. Fuair sí é. Leig an chailleach í codhladh len' a mac agus níor labhair sé léithe.
    Ar maidin an lae 'na dhiaidh ar sise leis “Nuair nach bhfuil (fánn) fonn ort labhairt liom níl aon greim agam ag baint leat acht an fáinne seo agus seo dhuit é”. Chaith sí isteach sa leabaidh aige é. Chuaidh sí abhaile annsin. Chuaidh buachaill a bhí sa seomra eile isteach agus thóg sé an fáinne. Annsin chuaidh sé féin agus mac na Caillighe Béarra ag fiadhach. “Cén bhean a bhí in a codhla leat aréir” ar seisean “Ní raibh bean ar bith” arsa mac na
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. hags (~139)
          1. Hag of Beara (~28)
    Folktales index
    AT0302: The Ogre's (Devil's) Heart in the Egg
    AT0425: The Search for the Lost Husband
    Language
    Irish
    Collector
    Máirtín Ó Cadhain
    Gender
    Male
    Age
    15
    Informant
    Máire Bean Uí Bhrian
    Gender
    Female
    Age
    c. 90
    Occupation
    Bean feirmeora
    Address
    Seanadh Farracháin, Co. Galway