School: Camus (roll number 11290)
- Location:
- Camas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig S. Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Camus
- XML Page 110
- XML “An tAmadán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)as an mbarraille. Thóig an t-amadán an corca as an mbarraille eile agus bhí sé dhá chur ó bharraile go dtí an ceann eile go raibh an poitín imthighte ar fud an urláir. Annsin thosuigh sé ag triomughadh an urláir le plúr.
Nuair a bhí an t-urlár triomhuighthe bhí an plúr fliucaighthe. Thosuigh sé ag caitheamh an phlúir amach. Chuimhnigh sé annsin go bhfliuchfadh an bhean a chosai ag dhul isteach.
"Déanfaidh mise bóthar le n-aghaidh", ar seisean. Thug sé leis na cácaí agus rinne sé bóithrín ó'n doras go dtí an teine. Nuair a tháinig a mháthair agus an bhean óg chonnaic sí an chaoi a bhí ar an teach.
Shíl an bhean óg gur len a gcuid saidhbhris a bhí an chaoi sin ar an teach. Chaith an mháthair amach iad agus chuaidh sí ag tógáil na féola. Céard a leagfadh sí ag an mbean óg acht an gadhar. Ar an nóiméad rith an bhean óg is ní fhaca siad amharc uirthi uaidh sin amach.(continues on next page)- Informant
- Nóirín, Bean Uí Mháille
- Gender
- Female
- Address
- Camas Uachtair, Co. Galway