School: Camus (roll number 11290)

Location:
Camas, Co. Galway
Teacher:
Pádraig S. Ó Conchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 066

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 066

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Camus
  2. XML Page 066
  3. XML “Fir Láidre”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    rí nó go ndúisigheadh sí agus ní ghabhfadh sí a chodladh nó go dtigeadh codladh uirthi. Bhí fear ag dul an bóthar lá agus é ag marcaigheacht ar chapall agus mála coirce aige. Chonnaic sé an Chailleach Bhéarra ag déanamh air agus sgaoil sé an mála coirce anuas ar an mbothar agus d'iarr sé congnamh ar an gCailleach Béarra agus nuair a rug sí ar an mála, "ára", adeir sí, "i mí na bhfuighilltí[?] a chuir tú do chuid coirce", agus bhí fhios ag an bhfear cé'n mhí a gcuireadh sé a chuid coirce.
    Ní raibh aon spealadóir a b'fhearr ná í san domhan agus 'chuile dhuine dhá dtigeadh sí siar leis bhaineadh sí na cosaí dhe. Bhí fear amháin ann agus séard a bhí ann leath-amadán. Chuimhnigh seisean ar chleas agus chuaidh sé go dtí an gabha agus fuair sé píosaí iarainn agus chuir sé roimh an speil a bhíodh ag an gCailleach Bhéarra é. Chuaidh an buachaill seo agus an Chailleach ag baint an fhéir. "Ára", adeir sí, "faobhar a ghearranns féar", "ní h-eadh", ar seisean, "acht fear láidir", agus bhain sé an dá chois dí.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
    Folktales index
    AT0820: The Devil as Substitute for Day Labourer at Mowing
    AT1090: Mowing Contest
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraic Mac an Iomaire
    Gender
    Male
    Address
    Leitir Móir, Co. Galway
    Collector
    Stiophán Mac an Iomaire
    Gender
    Male
    Address
    Leitir Móir, Co. Galway
    Informant
    Seán Mac an Iomaire
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Leitir Móir, Co. Galway