School: Shindilla (roll number 14285)
- Location:
- Lurgan or Shindilla, Co. Galway
- Teacher: -
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Shindilla
- XML Page 288
- XML “Tithe a Dódh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tighthe a dóghadh
Oidhche amháin bhí fear as Snámh Bó arb ainm dó Beartlí Breathnach amach ag cuartigheacht. Ni raibh duine ar bith ag fanacht leis sa teach acht é fhéin agus bhi sé ag congbháil muc agus trí ba sa teach. Nuair a bhí sé ag dul amach d'fhág sé tuighe in aice leis an te[ine]. D'éirigh an mhuc agus chuaidh sí síos go dtí an t[eine] agus thosuigh sí ag tochailt. Chuir sí an tuighe isteach sa teine agus ní raibh sé i bhfad ina dhiaidh sin gur thóg an teach teine. Bhí sé deireannach nuair a tháinig an fear abhaile agus fuair sé an teach dóighte roimhe. Bhí an mhuc agus na beithidhigh dóighte freisin. É fhéin ba chionntach leis mar dhíbrigh sé a bhean agus a chlainn as an teach. Dá mbeadh duine ar bith sa teach ní bheadh sé dóighte mar sin. Bhí truagh ag cuid de na daoine dhó agus thug siad bainne dhó nó gur cheannaigh sé beithigh dhó fhéin. Tomás Ó Niadh Oorid (Úraid) Crosbhóthair Máma- Informant
- Tomás Ó Niadh
- Gender
- Male
- Address
- Úraid, Co. Galway