School: Leamhchoill (roll number 10742)
- Location:
- Leamhchoill, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Domhnalláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leamhchoill
- XML Page 254
- XML “Bóithre an Cheantair”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ar aghaidh Bóthar Liath-Leitir tá bóthar nua eile déanta. Rinneadh an bóthar seo timcheall is trí nó ceathar dhe bhlianta ó shoin. Tá sé ‘na bhóthar láidir ag dul isteach go dtí na portacha. An Bóthar Nua is ainm dó agus tá sé ag críochnughadh ag an Loch Beag.
Timcheall is aon cheathramhadh dhe mhíle taobh thuas de’n bhóthar Nua tá bóthar eile ar a dtugtar Bóthar Dhroma Bheag. Tá sé déanta le na cinnte.
Tá bóthar eile ag rith ó thigh Micheál Mac Oireachtaigh ar a dtugtar Bóthar Cill-a-Guala. Bóthar an-nua é seo. Nílsé déanta ach timcheall is cúig nó sé dhe bhlianta. Is gránna an píosa dhe bhóthar é mar tá sé cam cnocach agus is trioblóideach an rud dhe dhuine nó dhe beithidhigheach siubhal air. Tá cóir dhá choinneál air anois agus tá siad ag déanamh roinnt léibheálta é.
Críochnuigheann an bóthar seo ag Claideach.
Tá bóthar an Spidéil go’n cros-bhóthar i Leamhchoill ‘na bhóthar maith láidir anois mar tá cóir dhá choinneál air lé tamall(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Bháinn
- Gender
- Female
- Address
- Leamhchoill, Co. Galway
- Informant
- Máirtín Báinn
- Gender
- Male
- Address
- Leamhchoill, Co. Galway