School: Lisín na hEilte (Cailíní)
- Location:
- Lisheennaheltia, Co. Galway
- Teacher: Cáit Ní Choisdealbha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ní raibh aon sgóil Náisúnta san tír seo fadó mar ata ann anois. Ní raibh aca acht tuighthe beaga deanta do dhób agus doadhmad agus bhí ceann tuighe orra. Do bhí sgóil mar sin í Míleac in aice le teach muinntear bhean Uí Mhainnín anois. Do bhí ceann eile san áit ar a glaoidhtear Pollredmond ar anois agus í Cluam a Cárthaig í bpáráiste baile liam. Do théigheadh cailíní agus buachaillí na bailtí tar timcheall go dtí na sgoileanna seo. Dob í bhean Uí Mhainnín agus a fear a bhí in a muinntéoraí san sgoil i Mí Leac. Fear agus bean an léigheanta dob eadh iad. Dob é an fear a bhí ag muineamh na sgoilairí agus bhí an bhean ag tábhairt na leadóga díobhtha. Ní raibh aon suidheachain aca mar atá anois freisin. Ní raibh aca act clocha móra agus piosaí móra adhmaid cun suidhe orra. Sé an rud a bhí aca cun sgríobhadh na piosa slíní agus dóirse móra agus iad leagtha ar clochaibh móra í lár an tíghe. Ní raibh páigh mór ag na muinntéoraí mar atá anois freisin. Ní bhfuigheadh siad acht tuairm cuig nú sé píghne ó gach sgoláire gach mí agus ní bhfuigheadh siad an méid sin uaireannta freisin. Sé an lón a bhí ag na sgoiláirí ins na sgóileanna na piosaí aráin coirce agus fátaí. Do bhruitheadh an maistreas na fátaí i bpota do gach sgóiláire agus d'iosfhadh siad iad as a ndóirnn mar ní raibh aon plátaí ann fén ám sin.
- Collector
- Sorcha Ní Choidhin
- Gender
- Female
- Informant
- Pádhraic Ó Coidhin
- Gender
- Male
- Age
- 60