School: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh

Location:
Athenry, Co. Galway
Teacher:
An tSr. M. Treasa Ní Bhriain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0003, Page 144

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0003, Page 144

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh
  2. XML Page 144
  3. XML “Scéal Fada ar an Anró”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agus ná leig aon fiacail uirthí. Chuaidh an cailín a bháith iad ar fad go dtí teach an rí. Bhí fhios ag mac an rí go maith nach í a bhean féin a bhí ann acht níor dubhairt sé ach "Síl mé nach mar seo a bhéinn". Bhí go maith agus ní raibh go h-olc. Bhi buachaill ag obair ag an rí agus lá amháin bhí sé ag marbhú muice in aice na h-aibhne. Chonnaic sé an ollpheist ag tígheacht ar an trágh. Leig sí amach as a bholg an bean agus an cúigear páistí ba bhreághtha dá bhfaca aon duine ariamh. Ní raibh fios ag an mbuachaill cé h-iad fhéin. Nuair a tháinig sé abhaile an tráthnóna sin d'fiafruigh mac an rí dhe céard a chonnaic sé ar an trágh. "Chonnaic mé iontantas na n-iontantas" ar seisean. "An miste dhuit a innseacht dhom céard é sin?" arsa mac an rígh. "Ní miste" arsan buachaill agus d-innis dhó cé'n saghas mná a bhí ann agus cé'n saghas páistí a bhí ionnta. Bhí fhios ag mac an rígh go maith ar h-iad féin. "Marbhóchaidh tú muc eile amárach" ar seisean "agus rachfaidh mise in éinfeacht leat. Lár na bhárach chuaidh an bheirt acu go dtí an abhainn. Ní raibh siad i bhfad ar an dtráigh nuair a tháinig an ollpheist agus leig amach an bean agus an cúigear páistí. Chuaidh an fear anonn go dtí an bhean agus bhí sé ag cainnt léithí. "Tá sé in am agat a bheith ag imeacht" ar sise nuair a bhí píosa cainnte déanta aca. "Ní bheidh mé ag imtheacht chor ar bith" ar seisean. Thóg sé amach a sgian as a phóca leis an ollpheist a mharbhú. "Ní dhéanfá an sgian sin aon mhaith". Leis an gcainnt sin thóg sí
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0707: The Three Golden Sons
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Ní Chadhain
    Gender
    Female
    Age
    13
    Address
    Athenry, Co. Galway
    Informant
    Brighid Ní Chonghailligh
    Relation
    Unknown
    Gender
    Female
    Address
    Tír an Fhia, Co. Galway