School: An Tulach (roll number 13148)

Location:
An Tulaigh, Co. Galway
Teachers:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0243

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0243

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tulach
  2. XML Page 0243
  3. XML “An Dearg Mór agus Conán Maol”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ann acht an oiread le aon fear, "adeir sí.
    Lá ar na bhárach troid siad acht chuir Goll thar an snáth mara é agus fuair sé an buadh air.
    Réidhtigh siad suas a gcuid long féin le dhul in éindigh leis an Dearg Mór. D'fhág siad Conán 'na ndiaidh mar bhíodh sé acrannach. Bhí Conán ag dul siar agus aniar le cladach ag caoineadh a chuid dearbráthracha.
    Tháinig bean go dtí é agus d'fhiafruigh sí de cé'n fáth a raibh sé ag gol. Dubhairt sé go raibh a chuid dearbráthaireacha ag imteacht agus nach bhfeicfeadh sé go bráthach iad. Dubhairt sí leis nach bhfeicfeadh go raibh fear thall ag an rí is gurab é an t-ainm abhí air Tuathal. Bhí sé seacht mbliadhna i n-uaimh talmhana gan grian gan gaoth agus níl aon sgréach dhá leigfidh sé nach marbóchaidh sé Éireannach le chuile sgréach. "Seo currach anois dhuit a bhfuil iomradh céad innte agus gan innte acht aon fhear amháin.Nuair a rachas tú anonn tiúbharfaidh tú feistiú lae agus bliadhna uirthí mara bhfanaidh tú ann acht uair a chluig. Craith slám gainnimh uirthí ó na tóin go dtí na ceann agus bheidh tú tháll dhá lá roimh an gcuid eile" adeir sí le Conán.
    "Tá sean-mháthair an ríogh dhá bogadh ins an gcliabhán. Nuair a rachas tú amach ar an bhfairrge cuirfidh tú trí fairrge thart le aon bhuille amháin an dara uair le do dhá láimh chuirfe í dhá fhairrge dhéag thart.
    Chonnaic na Fianna an churrach ag tigheacht agus dubhairt duine aca "Sin é mo dhearbhathair Conán." Dubhairt duine aca nach é. Ce'n chaoí a bhféadfadh sé a bheith ann?
    Bhailigh sé rómpa agus tharraing an churrach suas ar an tráigh agus chuir feisteas lae agus bliadhna uirthí chomh maith agus mara mbéadh sé ann ach uair a chluig.
    Bhuail sé air éadach an Deirg agus a chlaidheamh agus tháinig sé isteach i dteach an ríog. Dubhairt an dóirseóir go raibh an Dearg Mór ar fághail
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Mairghréad Ní Chualáin
    Gender
    Female
    Informant
    Tomás Ó Culáin
    Relation
    Relative (other than parent or grandparent)
    Gender
    Male
    Age
    62
    Address
    Baile na hAbhann, Co. Galway