School: Doireadh (roll number 12946)
- Location:
- Na Doiriú Theas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig Ó Heidhin
![The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0083](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0061%2FCBES_0061_0083.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0083
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doireadh
- XML Page 0083
- XML “An Gníomh ba Ghaisciúla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)i dtosach céard é an gníomh ba ghaisgeamhla a rinne sé ó shoin. Thosuigh an chéad mhac ar a sgéal. Seo é:- Bhí mise aon lá amháin ag siubhal na tíre agus casadh isteach i dteach uasal mé. Bhí lán mias de phíosaí airgid ar an mbord. Rug fear an tighe ar an mias airgid agus thug siar i seomra é. Ghlaoidh sé ormsa siar sa seomra freisin. Séard dúbhairt sé liom ná an t-airgead a chomhaireamh agus go mbeadh sé féin ar ais agam i gceann leath-uaire. D'fhéadfainn an uair sin cuid den airgead a thabhairt liom dá mba mhian liom, acht níor thugas, chomhair mé é agus d'fág mé san mias aríst é.
"Ó" arsa an t-athair "rinne tú go cneasta agus ní go gaisgeamhail. Ní gheobhaidh tusa an chloch luachmhar" Annsin d'fhiafruigh sé den darna mac céard é an gníomh gaisgeamhail a rinne sé. Thosuigh an darna mac agus dubhairt" "Bhí mise lá ag dul thar loch. Chonnaic mé páiste beag ag tuitim san loch. Rith mé chomh maith is bhí mé indon agus rug mé ar an bpáiste, agus shábháil mé é". "Ó" arsa an t-athair(continues on next page)- Informant
- Michéal Ó Conghaola
- Gender
- Male
- Age
- 69
- Occupation
- Táilliúir
- Address
- Doire an Fhéich, Co. Galway