School: Naomh Breandán, Gaillimh

Location:
Galway, Co. Galway
Teacher:
T. Mac Eochaidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0031, Page 0174

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0031, Page 0174

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Naomh Breandán, Gaillimh
  2. XML Page 0174
  3. XML “Scéalta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Bhí fear i gConnamara fadó agus bhí sé ag dul ar an aonach go dtí an Spideál ag ceannacht bó. Ní raibh clog ar bith ann an uair sin agus ní raibh a fhios ag duine ar bith cé'n t-am a mbeadh sé. Chuaidh an fear seo a chodladh agus nuair a bhí tamall i na chodladh d'éirigh sé. Bhuail sé bóthar agus ní raibh sé i bhfad no go bhfaca sé teach beag ar thaobh an bhóthair. Chuaidh sé isteach agus bhí go leór daoine istigh agus bhí píobaire ar an mbord agus é ag seinnm cheóil. Chuir chuile dhuine fáilte roimhe i n-ainm agus i na shloinne agus dubhairt siad leis suidhe síos. Shuidh sé ar chathaoir go ceann tamaill bhigh. Annsin thosuigh siad ag dul amach agus dubhairt siad leis an bpíobaire gan an fhear sin a leigent amach go dtiocfadh siad ar-ais. Annsin tháinic ríméad ar an bhfear agus dubhairt se leis féin mar a mbeadh éinne le na choinneál istigh ach an píobaire go dtiocfadh sé amach. Nuair a bhí siad ar fad imthighthe ach an píobaire d'éirigh sé agus dubhairt sé: is fearr domsa a bheith ag imtheacht. D'éirigh an píobaire agus dubhairt sé nach bhféadfadh sé dul amach nó go dtiocfadh siad ar-ais. Thosuigh sé féin agus an píobaire ag troid ach bhuail
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraig Ó Bhailis
    Gender
    Male