School: Gort na Léime (roll number 13012)

Location:
Gortaleam, Co. Galway
Teacher:
Liam Ó Ceallaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0037, Page 0307

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0037, Page 0307

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gort na Léime
  2. XML Page 0307
  3. XML “Pisreoga”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Dá mbeadh dhá chearc ag troid ar an t-sráid sin cosamlacht go dtiofcadh strainséar ar cuairt, agus dá mbeadh sop tuighe indiaidh na circe deireadh na sean dahoine go mba cosamhlacht é sin go gcloisfidhe sgéal fa dhuine eicint bheith caillte.
    Má thuiteann fód as an tine san oidche deirtear go dtiocfaidhe duine eicint isteach ar cuairt sa teach.
    Nuair a bheadh bean ag deanamh cuinneóg bhainne chuirfeadh sí splanc dhearg isteach faoin gcuinneóg. Annsin cuireadh sí beagán salainn anuas ar bhéal na cuinnóige. Dá dtagadh duine ar bith isteach fad is a bheadh an maistrimh dá dhéanamh, ba chóir dó breith ar an luithne agus ní fheadfadh fear-a-tíghe splanc a thabhairt amach ná a phíopa a lasadh go mbíodh an bainne 'déanta'. Chreid na sean dhaoine go bfheadfaí an t-im a thabhairt uabhtha, agus sin an fáth a mbíodh aireachas ar an mbainne.
    Dá dtagadh bean na cómharsan nó páiste isteach i dteach eile ag iarraidh braon bainne, chuireach bean-a-tíghe braon beag uisge san mbainne nuair a bheadh sí dhá thabhairt uaithe.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
    Language
    Irish
    Collector
    Pádhraic Pléimeann
    Gender
    Male
    Address
    Woodfield, Co. Galway